Guth Ghoill, Eagrán 68

Eagrán 68 Nollaig 2020 35 rachfá isteach go Baile Locha Riach le do nóibhiseacht a dhéanamh, nach bhfaighfeá ‘na bhaile go dtí go mbeifeá oirnithe ‘na shagart, sin tréimhse ocht mbliana. Ach don té a bheadh ag dul go dtí an Róimh leis an chúrsa diagachta a dhéanamh an- sin, thiocfadh leis seachtain a chaitheamh sa bhaile sula n-imeodh sé. Mar sin de fuair Pilib seachtain saoire sa bhaile sular imigh sé go dtí an Róimh. Thug Pilib aghaidh ar an Róimh mí Meán an Fhómhair 1962.Cha raibh sé amuigh as an tír ariamh cheana agus ba ócáid mhór a bhí ann dó an deis seo a fháil. Lena chois sin cha raibh Iodáilis ar bith aige agus fosta, mar atá fhios againn uilig, bíonn sé an- te san Iodáil, go háirithe i lár an tSamhraidh. De thairbhe seo uilig bhí cuid mhór aige le dhul i dtaithí air. Agus creid nó ná creid chan ar eitleán a chuaigh sé go dtí an Róimh ach ar bhád agus ar thraein ----ar an bhád ó Bhaile Átha Cliath go Hollyhead, ar an traein go Londain agus ansin go Dover. Fuair sé an bád arís ag Dover agus ar aghaidh leis go Calais, an traein ansin arís go Paris agus ar aghaidh go dtí an Róimh. Is cinnte go raibh sé breá tuirseach i ndiaidh a leithéid de thuras a bheith curtha thairis aige. De réir cosúlachta bhí aerthaisteal iontach costasach ag an am sin ach cúpla bliain ina dhiaidh sin, a mhalairt a bhí fíor. Bhí beirt mhac léinn as na Stáit Aontaithe a chuaigh go dtí an choláiste sa Róimh ar long paisinéirí ach ansin nuair a bhí siad ag dul ‘na bhaile i ndiaidh dóibh na cúig bliana a bheith críochnaithe acu dúradh leo a dhul ‘na bhaile ar eitleán! Sa Choláiste.----- College of Teresianum. Ba Institiúd Spioradálta agus Diagachta do mhic léinn idirnáisiúnta Cairmilíteacha a bhí sa choláiste. Bhí cúig rang ar fad ann agus sa rang le Pilib bhí a lán mic léinn ón Iodáil agus ón Spáinn agus an chuid eile ó thíortha i gcéin – beirt as na Stáit Aontaithe, beirt as Mexico agus mic léinn as Lebanon, Syria, an Bhraisil agus ón Olainn. Bhí ceithre bliana de staidéar diagachta le déanamh acu sula ndéanfaí iad a oirniú mar shagairt agus ansin bhí orthu bliain a chaitheamh sa Róimh sula ligfí iad ‘na bhaile. An Teresianum sa Róimh. Pilib ag bualadh leis an Phápa John Paul ll

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3