Guth Ghoill, Eagrán 68
Eagrán 68 Nollaig 2020 36 Cathair ar leith í an Róimh a bhfuil stair iontach ag baint léi agus ina bhfuil foirgnimh a théann ar ais na mílte bli- ain. Le linn na mblianta a chaith sé sa Róimh rinne- adh trí phápa a roghnú: An Pápa Paul VI, An Pápa John Paul 1 agus John Paul 11. Ba ghnáth leis na mic léinn a dhul a fhad leis an Vatican nuair a bhí an Pápa úr le fógairt,d’fheicfeadh siad an toit bán ag dul san aer nuair a bheadh Pápa roghnaithe.Tá cuimhne ar leith ag Pilib ar an am a rogh- naíodh John Paul 11. Bhí an t-iomrá amuigh gur an Cairdinéal Karol Jozef Wojty- la a bhí roghnaithe ach cha raibh fhios ag duine ar bith cárbh as é; chan Iodálach a bhí san fhear seo mar ba Iodálaigh a bhí in achan phápa ón 16ú aois. Nuair a bhí siad thíos i gcearnóg Naomh Peadar sa Vatican bhí scaifte ban rialta ansin agus nuair a d’inis siad dófa cé a bhí luaite go láidir mar an chéad pápa eile thosaigh si- ad ag scairtigh agus ag ceiliúradh. Ba ón Phólainn na mná rialta agus dár ndóigh bhí fhios acusan gur Polannach a bhí sa Chairdinéal Wojtyla. Le linn tréimhsí ina mbiodh sé saor óna chuid staidéir agus ó na dualgais eile a bhíodh air ba ghnáth leis a dhul ag amharc ar iontais na cathrach agus bhí cuid mhór le feiceáil ---- foirgnimh, páirceanna, gairdíní, deilbh, ailtireacht, ealaín agus dar ndóigh iontais mar na Catacombs, an Colosseum, Séipéal an Sistine agus cuid ealaíne Michael Angelo agus an Vatican fhéin. Ba ghnáth leo saoire an tSamhraidh a chaitheamh thuas in aice le cathair Flor- ence. Bhí lúchair air fáil amach as an chathair fan am sin den bhliain de thairbhe go raibh teas na cathrach plúchtach agus marfach, bhí siad ar shiúl go háirithe do mhí Iúil agus Lúnasa. Oirniú. Tháinig a lá mór do Philib ar an 16ú Aibreán 1966, an Domhnach i ndiaidh Domhnach Cásca. Mar ullmhúchán do lá a oirnithe bhí cúrsa spioradálta (retreat) ag an chúig chloigeann déag a bhí le hoirniú, ó Dhomhnach Cásca ar feadh na seachtaine roimh ré. Dar ndóigh bhí lúchair mhór air fosta mar go bhfeicfeadh sé a thuismitheoirí, chan fhaca sé iad le ceithre bliana. D’eitil a athair agus a mháthair go dtí an Róimh don ócáid, an chéad uair dóibh ar eitleán, bhí ar Joseph súil a Pilib ar a bhealach chuig a oirniú. An dara duine sa líne is cóngaraí.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3