Guth Ghoill, Eagrán 68

Eagrán 68 Nollaig 2020 37 choinneáil ar an tsiopa agus bhí Maureen sna Holy Faith Sisters. Chuaigh a uncail an tAth.Philip, ó Ghlascú, anonn ‘na Róimhe comh maith. Bhí a chéad aifreann thíos staighre san Chrypt. Bhí cúig altóir déag bheaga leagtha amach ansin agus ba anseo a bhí a gcéad aifreann acu, ba é a uncail, an tAth. Philip as Glaschú, a bhlí mar fhriothálaí aige. Lá thar a bheith bródúil a bhí ann dá athair agus dá mháthair. Ach dar ndóigh bhí air fanacht sa Róimh ar feadh bliain eile agus cha raibh teacht ‘na bhaile ar bith ann go dtí’n bhliain dar gcionn. Sa Bhaile 1967. Cuireadh fáilte mhór ‘na bhaile roimh Philib i Mí na Bealtaine 1967. Tháinig sé na bhaile ar an oíche a d’imir Celtic i gcluiche ceannais Chorn na hEorpa— an oíche a fuair siad an bhuaidh ar Inter Milan agus d’fhág an bhuaidh seo cúis eile cheiliúrtha fan cheantar. Shíl daoine as siocar an cluiche a bheith ar siúl go mbeadh an teacht ‘na bhaile suaimhneach go leor ach chan sin mar a bhí. Bhí na sluaite amuigh le fáilte a chur roimhe ón bhomaite a tháinig sé thar theorann na paróiste agus bhí na tinte cnáimh lasta ar achan ardán agus ar achan chnoc ó Dhuibhlinn Mór go Dumhaigh.. Cha ndéanann sé dearmad a choíche ar an oíche seo agus ar an fháilte a chur pobal an cheantair roimhe ‘na bhaile. Dúirt sé a chéa- dAifreann sa bhaile i nGáinne agus is dócha go raibh rud beag imní air mar nach raibh mórán Gaeilge cleachtaithe aige ó d’fhág sé an baile 1953 ach nior fhéad sé imní a bheith air. Ar Ais sa Róimh. Shíl Pilib anois gurb sin deireadh lena shaol sa Róimh agus go mbeadh an t-ord ag Lena thuismitheoirí & a chairde i ndiaidh a oirnithe Ag tabhairt a bheanacht dá athair agus dá mháthair.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3