Guth Ghoill, Eagrán 68
Eagrán 68 Nollaig 2020 38 fáil coirnéal dó i gceann de na mainistreacha a bhí acu ar fud an domhain. Ach chan sin mar a bhí. Iarradh air a dhul ar ais ‘na Róimhe agus céim dochtúra a dhéanamh, rud a rinne sé. Bhí a dhochtúireacht bunaithe ar an Chairdinéal John Henry Newman, fear a raibh cáil mhór air sa 19ú aois agus fear a rinneadh a naomhainmniú (canonised) i 2019. Le cois a bheith ag déanamh á dhochtúireacht bhí dualgais eile air fosta --- ag tabhairt treoir do na mic léinn a bhí ag ullmhú don sagartacht agus ag tabhairt léachtanna. Ansin nuair a bhí a dhochtúireacht críochnaithe aige bhí éileamh mór air fanacht sa Choláiste agus a bheith mar léachtóir ag na mic léinn óga a bhí ag ullmhú don sagartacht comh maith lena ghnáth dhualgais eile mar shagart a chomhlíonadh. Bhí blianta fada caite aige anois sa Róimh, bhí aithne aige ar an chathair, bhí sé cleachtaithe leis an teas agus thar aon ní eile bhí an Iodáilis ar a theanga aige agus thaitin a chuid oibre leis, mar léachtóir, sa Choláiste. Bhí a fhios aige go mbeadh a shaol sa Róimh anois gnoitheach – aifreann na maidne, ag ullmhú mic léinn don sagartacht agus ag léachtóireacht sa diagacht. Shocraigh sé fanacht. Sé seachtaine de laetha saoire a bheadh aige anois achan bhliain agus bhí trí seachtaine acu seo le bheith caite ag tabhairt cúrsaí spioradálta (retreats) do mhná rialta na gCairmilíteach i Sasana agus in Albain, ar an bhealach ‘na bhaile dó. Thaitin na trí seachtaine a fuair sé le caitheamh sa bhaile go mór leis mar go bfuair sé deis fáil amach caidé mar bhí an saol fan bhaile. Ceann de na míbhuntáistí móra a bhain leis an Róimh ná nach dtiocfadh leat scairt gutháin a dhéanamh díreach ‘na bhaile, chaithfeá scairt a chur in áirithe. Cha raibh sé ábalta scairt dhíreach a dhéanamh go dtí cúpla mí sula bhfuair a mháthair bás i 1984. Cha raibh an tsláinte ar an chuid is fearr ag a athair ná ag a mháthair ag tús na n-ochtóidí agus bhí siad faoi chúram Joe agus a bhean Annie ar an Mhuirleog ó 1982 ar aghaidh. Fuair a mháthair Bridget bás sa bhliain 1984 agus a athair Joe an bhliain dar gcionn, bhí siad beirt bliain thar na ceithre scór. Scairt gan Choinne. Mí an Mheithimh 1995 a bhí ann agus bhí na scrúduithe críochnaithe ag na mic léinn — achan duine anois ag caint faoi laetha saoire. Bhí Pilib sa halla léachtaí lá amháin nuair a scairteadh amach air fá choinne glaoch teileafóin agus insíodh do gur rúnaí Chomhthionól na nEaspag a bhí a lorg. Chuir seo iontas air mar nach raibh mórán baint aige leis an eagraíocht seo. D’iarr an rúnaí air a dhul agus labhairt leis an Chairdinéal a bhí mar Cheannaire (Prefect) ar Chomhthionól na
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3