Guth Ghoill, Eagrán 68
Eagrán 68 Nollaig 2020 39 nEaspag. Rinne Pilib amhlaidh ach cha raibh barúil ar bith aige caidé’n gnoithe a bhí ag an Cheannaire leis. Shuigh sé síos os comhair an Chairdinéil agus rinneadh comhrá a chéaduair, ar feadh cúpla bomaite, faoi rudaí nach raibh tábhacht ag baint leo. Ansin arsa an Cairdinéal, ‘Tá folúntas i nDeoise Ráth Bhotha agus tá an Pápa ag iarraidh tusa a cheapadh mar an chéad easpag eile’. Dar ndóigh baineadh geit agus stangadh mór as Pilib mar go dtáinig an scéala seo ar fad go tobann agus gan choinne. Nuair a fuair sé a anáil leis chuir sé ceist ar an Chairdinéal an raibh freagra a dhíth láithreach. ‘Sé an freagra a fuair sé ná, ‘Scríobh litir fá cheann cúpla lá agus abair go bhfuil tú ag glacadh leis, mar gur seo atá an Pápa ag iarraidh’. Dar ndóigh baineadh úsáid as ainm an Phápa le brú a chur ar Pilib. Bhí tréimhse aige anois a bhí deacair mar go mbíodh a chairde ag cur ceiste cá mbeadh sé ag dul ar laetha saoire ach cha raibh sé ábalta aon rud a insint dóibh mar nach raibh sé fógraithe go fóill go raibh sé ceaptha mar Easpag ar Ráth Bhotha. Rinneadh an ceapúchán a fhógairt agus a dhearbhú ar Fhéile Naomh Peadar agus Pól an 29ú lá de Mheitheamh 1995. Cha raibh ach seachtain amháin ón lá a cuireadh ceist air go dtí gur fógraíodh é mar Easpag agus is cinnte gur cuireadh cor ina shaol arís leis an scéal seo. Bhí cuid mhór le déanamh aige anois a ullmhú fhéin don teacht ‘na bhaile. Bhí aige le deileáil anois fosta leis na meáin (media) agus ba seo dream nach raibh mórán teagmhála aige leo ariamh le linn a shaoil go dtí seo. Bhí sé ar shiúl ón bhaile, taobh amuigh de na laetha saoire, ón bhl- iain 1953 agus le bheith go hiomlán eolach ar an saol fan bhaile chaithfeá a bheith beo sa tír. Cha raibh an saol a d’fhág sé trí bli- ana déag agus fiche roimhe sin ar dhóigh ar bith cosúil leis an tír a raibh sé ag tabhairt aghaidh uirthi anois mar Easpag. Bhí sé ag fágáil saol an choláiste ina dhiaidh anois agus cha raibh fhios aige caidé a bhí roimhe. Pilib a oirniú mar Easpag in Ardeaglas Naomh Adhamhnán John McAuley i gcuideachta an Easbaig i ndiaidh a oirnithe. Cheol sé Dooey Grá Mo Chroí don easpag níos moille san oíche.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3