Guth Ghoill, Eagrán 68

Eagrán 68 Nollaig 2020 4 go raibh dhá mhála lán duilisc liom ach bhí dhá shreang iasc, a d ’ fhág Bill agus Bob ina ndiaidh, linn fosta. Mar is cóngaraí don bhaile a chuaigh muid bhí mé ábalta aghaidheanna na gcomharsan a bhí bailithe ina mbaicle in aice le cró caorach s ’ againne a aithint. Scaip siad nuair nach raibh a dhath iontach le feiceáil. Cha bheinnse i bhfad ag déanamh bréag de ráfla mór Bill agus Bob. Nuair a d ’ inis mé an scéal do Neil an tráthnóna sin thosaigh sé ag gáire. “ Magadh atá tú, ” a dúirt sé. “ Bhail leoga, níl mé, ” arsa mise. “ Beidh siad anseo ar feadh seachtaine is beidh mise ag coinneáil amach as a gcosán agus déan thusa an rud céanna. Bhí tréimhse d ’ aimsir bhreá shamhraidh ann an tseachtain sin agus d ’ imigh an bheirt amach ag turasóireacht thart achan mhaidin i ndiaidh a mbricfeasta agus chan fheicfeadhas muid iad arís go dtí an tráthnóna. Chuir mise amach an duileasc agus thriomaigh sé i lá amháin. Insíonn sin daoibh an cineál aimsire a bhí ann. Lá arna mhárach bhí lag trá ann thart fá mheán lae agus bhí Neil ag déanamh réidh le ghabháil amach leis na potaí gliomach a thógáil. Thóg sé an bata fada a bhí aige le muiríní a thógáil, ‘ Slat na muiríní ’ a thug muid air agus bhí ciorcal de stáin láidir le píosa d ’ eangach ar a bharr. Nuair a chífeá muirín thíos faoin bhád cha raibh le déanamh ach an tslat a chur san uisce agus an muirín a thógáil san eangach. “ Beidh deis againn muiríní a thógáil lá mar seo, ” arsa Neil. “ Beidh cinnte, ” dúirt mé leis, “ agus beidh muid ábalta dul amach ar an oitir. ” Ag an am sin gheobhfá neart muiríní ina luí ar ghaineamh an oitir nuair a bheadh tráigh rabharta ann. Sílim fhéin nach bhfuil a dhath níos blasta na muiríní friochta le píosa de mhuiceoil stríocach. Chuaigh mé fhéin amach ar an bhád leis mar bhain mé sult i gcónaí as a bheith amuigh ar an Mhaol Ruaidh agus chan iontas ar bith sin. Amharcann achan áit níos deise nuair atá tú ag amharc isteach ón fharraige. Is iomaí uair a thug Neil mé suas go Carraig Airt ar an churach nuair a bheadh an rabharta ann. Chan fheiceann tú duine ar bith ag déanamh sin anois mar tá carr nó dhó ina shuí taobh amuigh d ’ achan teach. Cibé ar bith bhí muid amuigh ar an ‘ Dawn ’, bád beag a bhí againn ar feadh blianta. Thug Neil cúram maith di mar

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3