Guth Ghoill, Eagrán 68

Eagrán 68 Nollaig 2020 40 An Saol mar Easpag. Rinneadh Pilib a oirniú mar easpag in Ardeaglais Naomh Adhamhnán i Leitir Ceanainn ar an chéad lá de Dheireadh Fómhair 1995. Ba mhór an ócáid a bhí ann do fhéin, dá theaghlach agus don pharóiste, go raibh mac dá cuid anois ina Easpag ar Ráth Bhotha agus is cinnte go ndearnadh a theacht ‘na bhaile ‘na paróiste a cheiliúradh go mór. Bhí dualgais mhóra roimhe anois agus bhí air a dhul i ngleic le heachtraí agus le conspóidí ar leith a bhí ag tarlú sa Deoise le blianta sular tháinig sé. Cé gur thaitin a shaol spioradálta leis mar easpag, bhí deoise le reáchtáil, fadhbanna agus eile, agus d’fhág seo an saol corrach go maith in amanna. Lena chois sin bhí air a bheith thar a bheith cúramach agus é ag deileáil leis na meáin, chaithfeadh a chuid focal a bheith i gcónaí tomhaiste. Agus mar nach raibh cleachtadh ná taithí ar bith aige ariamh a bheith ag plé leis na meáin cha raibh mórán taitnimh aige ar an obair seo. Ach, ar an taobh eile de, bhí cuid mhór de na freagrachtaí agus de na cúraimí a chuaigh lena chuid oibre mar Easpag a thaitin leis agus ar bhain sé sásamh astu le linn na mblianta a chaith sé mar Easpag agus is iad seo na cuim- hní cinn a fhanann leis. Bhí ceiliúradh 1400 bliain Cholmcille, an turas go hIona, Féile Ghartáin 1999, Coisreacan Ardeaglais Naomh Adhamhnáin a bhí céad bliain ar an fhód 2001, ócáidí oirnithe – rinneadh os cionn 20 mac léinn a oirniú sa Deoise le linn a thréimhse mar Easpag. Ba ócáidí thar a bheith fiúntach agus tairbheach a bhí sa choinéartú, áit a bhfuair sé deis achan bhliain fáil amach agus bualadh leis na pobail éagsúla -- a thréad. Bhí a ról mar cheannurraidh ar na hoilithreachtaí go Lourdes agus go Fatima mar chúis bróid aige agus ina ócáidí spreagtha ar fheiceáil an slua An tEaspag ar thuras go Toraigh Pilib ar an stiúir ar an bhealach go hÁrainn Mór don chóineartú

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3