Guth Ghoill, Eagrán 68

Eagrán 68 Nollaig 2020 41 mór ón Deoise a chuaigh ar na hoilithreachtaí seo. Scíste. Bhí fiche bliain dá shaol caite aige anois mar Easpag Ráth Bhotha agus is cinnte go raibh scíste tuillte aige ón ualach trom a chuaigh leis an phost. Scríobh sé chuig Nuinteas an Phápa, ag cur in iúl dó caidé a bhí ar a intinn ach tháinig scéala ar ais chuige leanstan ar aghaidh mar a bhí, ar feadh tréimhse eile. Mhair ‘an tréimhse eile’ sin dhá bhliain agus ar deireadh tugadh cead dó slán a fhágáil ag a chuid dualgas mar Easpag nuair a ceapadh Alan Mag Eochain mar Easpag Ráth Bhotha. Bhí sé ar a sháimhín só ar feadh ocht mí nuair a fuair sé scéala a chur cor eile ina shaol. Cha raibh Easpag ar bith i nDeoise an Droim Mhór i gCo an Dúin agus iarradh air dualgais agus freagrachtaí na Deoise a chomhlíonadh go dtí go ndéanfaí Easpag úr a cheapadh. Bhí an ról seo aige corradh agus bliain agus nuair a rinneadh an ceapachán bhí Pilib saor arís. Tá sé sona sásta anois ina theach i Leitir Ceanainn. Ón aithne atá agam air chan fheicim go mbeidh sé a choíche díomhaoin, d’fhéadfaí a rá gur sin tréith a thóg sé leis óna thuismitheoirí. Thig a rá go bhfuil saol spioradálta, torthúil caite aige go dtí seo agus guímis uilig fad saoil leis agus sláinte an bhradáin aige ina shaol amach roimhe. An tEaspag lena theaghlach an oíche a rinneadh é a oirniú mar Easpag. Ó chlé: Maureen, a dheirfiúr; a dheartháir Jo- seph; Annie, bean Joseph,; ag gualainn an easpaig tá Pilib óg, mac Joseph agus Annie. Tá mé thar a bheith buíoch do Philib go raibh sé iontach toilteanach suí síos go foighdeach lena shaol, a chuid cuimhní, a chuid smaointe agus a chuid barúlacha a rann agus leis an phobal.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3