Guth Ghoill, Eagrán 68
Eagrán 68 Nollaig 2020 42 Tá sé doiligh sa lá atá inniu ann a shamhlú an t - iontas a chuir Scéim Leictreachas na Tuaithe ar dhaoine ag an am. Nuair a smaointíonn tú ar na hathruithe dochreidte a tháinig ar shaol na ndaoine tá sé furasta an t - iontas sin a thuigbheáil. Chan áibhéil (exaggeration) ar bith é a rá gurb briseadh ón tseansaol a bhí anseo agus gur fhoscail sé suas saol nua - aimseartha. Baineann an t - alt seo le stair an ESB in Éirinn agus go hairithe le teacht an ESB go Paróiste Mhíobhaigh agus an tionchar a bhí ag sin ar shaol na ndaoine ag an am. Ar dtús báire, le pictiúr soiléir den scéim seo a fháil, caithfidh rud beag eolais a bheith againn ar stair an leictreachais in Éirinn agus an tionchar a bhí aige ar an tír ar fad. Dúradh faoi Scéim Leictreachas na Tuaithe gurb é an réabhlóid shóisialta ba mhó a tharla in Éirinn ó Leasú Chóras na Talún ag deireadh an naoú haois déag nuair a ceadaíodh d ’ fheirmeoirí a gcuid talaimh fhéin a cheannacht. ‘ Sé ’ n rud is iontaí fá sin ná cé gur cheannaigh na feirmeoirí beaga an talamh cha dtáinig athrú de shórt ar bith ar an dóigh a d ’ oibrigh siad an talamh nó ar an dóigh a ghlan siad na bóithigh nó na sciobóil go dtí go dtáinig an leictreachas a fhad leo sa fichiú céad cé acu a tharla sin sna caogaidí, sna seascaidí nó sna seachtóidí. Bhí an obair ar na feirmeacha agus sna tithe tuaithe faoi smacht ag solas an lae. Cha raibh uisce reatha acu mar bheadh na pumpaí ag brath ar leictreachas agus bhí an teas agus an chócaireacht sna tithe ag brath ar an tine fhoscailte. Bhí sé doiligh áiteacha a choinneáil glanta i gceart gan uisce reatha te nó fuar agus gan cuisniúchán de shórt ar bith. Gan leictreachas cha dtiocfadh le duine ar bith tabhairt faoi fhorbairt thionsclaíoch agus tchíonn tú faoin am seo gur chruthaigh an easpa leictreachais saol faoin tuath in Éirinn a bhí dorcha i léar dóigheanna agus iontach deacair ó thaobh jabanna agus airgid de. D ’ iarr an rialtas ar an ESB tuairisc a dhéanamh ar Leictreachas na Tuaithe agus rinneadh an tuairisc sin a fhoilsiú i 1945 ach cha dtiocfadh leo tús a dhéanamh le cur i bhfeidhm na scéime go dtí 1946 mar gur chuir an Dara Cogadh Domhanda cosc leis. ‘ Sé ’ n plean a bhí ag an ESB ná an tír a roinnt i 792 ceantar agus tugadh tús áite do na ceantracha sin a thabharfadh an t - ioncam is mó don ESB ó thaobh na Foclóir Scéim Leictreachas na Tuaithe Rural Electrification Scheme Áibhéil Exageration Cuisniúchán Refrigeration Forbairt tionsclaíoch Industrial development Cúigeach Provincial Gineadóir Generator
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3