Guth Ghoill, Eagrán 68
Eagrán 68 Nollaig 2020 43 gcostaisí de. Ciallaíonn sin go raibh na paróistí is iargúlta fágtha ar an mhéar fhada. Sa bhliain 1962 rinne an rialtas an cinneadh go rachadh an scéim ar aghaidh níos tapúla agus d ’ ardaigh siad an deontas. Chuaigh an ESB thart ag canbhasáil go dian agus d ’ éirigh chomh maith sin leo go raibh an leictreachas istigh in 80% de na tithe faoin tuath ag tús 1965 ar chostas £54 milliún. Níl dabht ar bith ná go raibh tionchar iontach, fabhrach ag teacht an leictreachais ar shaol na ndaoine ó thaobh cúrsaí eacnamaíochta, sóisialta agus cultúrtha de. Deirtear fosta nach raibh dóigh ar bith a gheobhadh Éire isteach san EEC i 1973 ach ab é go raibh úsáid an leictreachais faoin tuath chomh forleathan sin. Bhí an oiread sin gnóthaí agus monarchana úra curtha ar bun sa tír ó lár na seascaidí go dtáinig éileamh millteanach ar an leictreachas agus shocraigh an ESB méadú mór a dhéanamh ar fhorbairt na scéime agus ‘ sé ’ n sprioc a bhí acu ná críoch a bheith curtha leis i 1975. Char éirigh leo sin a dhéanamh ach tháinig deireadh leis ag fá dheireadh na seachtóidí agus faoin am sin bhí an leictreachas i 98% de thithe na tíre.D ’ éirigh chomh maith sin leis an scéim agus an tionchar a bhí aici ar eacnamaíocht na tíre gur tugadh ‘ An Tíogar Ceilteach ’ ar Phoblacht na hÉireann sna nóchaidí. Sa lá atá inniu ann tá léar daoine den tuairim nach raibh leictreachas ar bith faoin tuath go dtí go dtáinig an ESB ach chan amhlaidh a bhí. Tháinig leictreachas isteach go hÉirinn in 1880 nuair a lasadh an chéad lampa leictreach sa tír taobh amuigh de oifigí an Freeman ’ s Journal ar Shráid an Phrionsa i mBaile Átha Cliath. Seo an bhliain chéanna is a d ’ éirigh le Edison bulba leictreach a lasadh i gceart. ‘ Sé ’ n chéad bhaile cúige a fuair solas leictreach poiblí ná Ceatharlach. Bhí gineadóir acu i monarcha plúir ag cur amach na cumhachta chucu. Ba seo an bhliain 1891. Bhí Charles Stewart Parnell ansin ag caint os comhair slua an oíche chéanna agus d ’ úsáid sé an solas úr mar shiombail ar Éire úr agus saor. Is iontach an rud é nuair a amharcann tú ar an dáta seo 1891 mar nuair a fosclaíodh Óstán Ros na Binne sa bhliain 1893 bhí leictreachas acu. Caithfidh go bea an t - óstán seo ceann de na chéad foirgnimh sa chontae a raibh an chumhacht seo acu. Bhí gineadóir acu i sci- obóil atá ina sheasamh go dtí an lá ata inniu ann.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3