Guth Ghoill, Eagrán 68
Eagrán 68 Nollaig 2020 44 Nuair a chuireann tú san áireamh go raibh áiteacha in íochtar na paróiste seo nach bhfuair an leictreachas go deireadh 1963 (Dun Dúbháin) nó tús 1964 tá sé doiligh samhlú cad é ’ n dearcadh a bhí ag muintir na háite a bhí ag obair san óstán ag deireadh an naoú céad déag agus an solas ag barr a méire acu. Taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath agus Ceatharlach chuaigh leictreachas isteach sna bailte agus sna cathracha áirithe de réir a chéile roimh neamhspleachas na tíre i 1922. San am chéanna bhí ar na tuathánaigh amharc le héad ar shoilse lonracha na mbailte ar feadh tréimhse fada eile. Leictreachas i dTír Chonaill roimh an ESB. Bhí leictreachas sa chontae seo sula raibh iomrá ar bith ar an ESB. Sa bhliain 1925 bhí 161 comhlacht ag cur cumhacht ar fáil in áiteacha ar fud na tíre. Cuireadh an ESB ar bun sa bhliain 1927 agus taispeánann tuairiscí a rinne siad ag an am go raibh 28 soláthróir leictreachais áitiúil i dTír Chonaill. Ciallaíonn sin go raibh ceadúnas ag 28 duine nó comhlacht leictreachas a chuir ar fáil do thrí theach nó níos mó ina gceantar áitiúil. Ní thaispeánann na tuairiscí seo na blianta a cuireadh na gnóthaí seo ar bun ach luann siad líon na gcustaiméirí a bhí acu agus an bhliain ar ghlac an ESB seilbh ar na gnóthaí seo. Sin mar a bhí sé sa pharóiste seo agus ins na ceantracha thart timpeall. Bhí dhá sholáthróir i mBaile na nGallóglach. Thug McMahon Brothers leictreachas don bhaile roimh 1927. I 1929 bhí siad ag soláthar leictreachais do 30 foirgneamh idir thithe agus ghnóthaí agus d ’ ardaigh seo go 52 i 1954 nuair a ghlac an ESB seilbh ar an ghnó. Bhí William Russell ag soláthar don bhaile roimh 1927 fosta agus bhí 40 teach nó gnó mar chustaiméirí aige nuair a ghlac an ESB seilbh ar a ghnó i 1954. Cheannaigh M/s Mary Ann Maguire Óstán Charraig Airt i 1933 agus dhíol sí é le Dermot Walsh i 1946. Cé gur reáchtáil sí óstán rathúil agus thug sí fostaíocht do dhaoine áitiúla beidh cuimhne i gcónaí uirthi mar an duine a sholáthair leictreachas don tsráidbhaile. Fuair sí May ’ s as Doire leis an ghléasra- leictreachais a chur i bhfoirgneamh ar chúl an óstáin. ‘ Sé George Lynch a rinne an obair sin agus phós sé Mary Ellen Gallagher, iníon Fannie a raibh óstán An Réalt Thuaidh aici. Thosaigh Mary Ann ag soláthar do thithe agus do ghnóthaí, 17 ina iomlán, sa tsráidbhaile agus d ’ ardaigh sin go 27 nuair a ghlac an ESB seilbh ar an ghnó ó Dermot Walsh. ‘ Sé sruth A/C a bhí ann ar dtús ach d ’ athraigh sin go sruth D/C thar am. Cuireadh méadair sna tithe agus sheiceáil Tommy Gavigan as Ard an Rátha iad achan mhí agus bhailigh sé an t - airgead. Lean seo ar aghaidh nuair a cheannaigh Dermot Walsh an t - óstán agus is Mickey Duffy as Carraig Airt a choinnigh achan rud ag obair i gceart go dtí go dtáinig an ESB isteach sa cheantar i 1954. Soláthróirí Suppliers Rathúil Successful Gráta Náisiúnta National Grid Forásach Progressive
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3