Guth Ghoill, Eagrán 68

Eagrán 68 Nollaig 2020 45 Scéim na Sionainne: Thosaigh Scéim na Sionainne ag giniúint leictreachais don ghráta náisiúnta i mí Deireadh Fómhair 1929 agus sholáthair an ESB leictreachas do na cathracha, do na bailte agus do na sráidbhailte is mó in Éirinn. Ó 1929, bhí 9 mbaile i nDún na nGall soláthraithe díreach ó Scéim na Sionainne. Bealach Féich 1953 - 1954 Béal Átha Seanaidh, 1945 - 1946 BunCranncha, 1953 - 1954 Bun Dobhráin, 1945 - 1946 Conmhaigh, 1943 - 1944 Dún na nGall, 1952 - 1953 LeitirCeanainn, 1931 - 1932 Leifear, 1943 - 1944 Srath an Urláir, 1953 - 1954 Sin ráite bhí an chuid eile den chontae curtha ar an mhéar fhada. Bhí an Saor Stát úr forásach ó thaobh tógáil an Stáisiún Cumhachta de ag Ard na Croise sna fichidí agus é mar sprioc acu leictreachas a chur ar fail don tír uilig. Is togra iontach a bhí anseo go háirithe nuair a chuireann tú san áireamh nach raibh neamhspléachas na tíre bainte amach ach cúpla bliain roimhe seo i 1922. Bhí a fhios ag na húdaráis nach dtiocfadh le gnónna príobháideacha an méid leictreachais a bhí de dhíth sa tír a chur ar fáil agus go raibh idirghabháil an stáit a dhíobháil. Faoin am a raibh an scéim lainseáilte bhí sé ar an scéim ba mhó den chineál sin ar an domhan. I ndiaidh sin is eile bhí go leor conspóide agus curin aghaidh na scéime ach sheas an tAire Patrick McGilligan, an fear a bhrúigh an scéim chun tosaigh, a

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3