Guth Ghoill, Eagrán 68

Eagrán 68 Nollaig 2020 46 fhód. Ag an tús b ’ iad na cathracha agus na bailte móra is mó a bhain tairbhe as an scéim mar bhí fíor bheagán de cheantracha na tuaithe ceangailte leis an scéim. Faoin bhliain 1939 bhí an rialtas réidh le Scéim Leictreachas na Tuaithe a chur ar bun ach thosaigh an Dara Cogadh Domhanda agus chuir sin achan rud bealach an gharraí. Cuireadh an scéim ar ceal go dtí 1946. Cuireadh suas an chéad polla i Scéim Leictreachas na Tuaithe ar an 5ú lá de mhí na Samhna 1946 i Kilsallaghan i dtuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath. Lasadh na chéad soilse sa scéim sa tSeanbhaile (Oldtown), i gContae Bhaile Atha Cliath. Ag an am bhí os cionn 400,000 teach gan leictreachas faoin tuath. Bhí an tír roinnte i 792 ceantar, bunaithe ar an chuid is mó ar an pharóiste. Bhí ar a laghad duine amháin in achan cheantar a chuaigh thart ar na tithe ag mealladh na ndaoine i dtreo an ESB. Labhair na sagairt ón phuilpid ag spreagadh na ndaoine le bheith páir- teach sa scéim. Más mó daoine a bhí ag iarraidh a bheith sa scéim sin mar is tapúla a gheobhadh siad cuid oibrithe an ESB béal dorais dófa. Bhí cuid mhór daoine a bhí mí - ámharach le comharsana nach raibh ag iarraidh an leictreachas a fháil isteach mar cha rachadh an ESB in áiteacha nach raibh go leor tithe istigh sa scéim. Cad chuige a raibh daoine ann nach raibh ag iarraidh an leictreachas a fháil? Bhí cuid acu a raibh eagla orthu go rachadh an tuí trí thine orthu agus daoine eile a bhí sásta leis an dóigh a raibh rudaí, ach sé ’ n chúisis mó nach raibh siad i bhfabhar ná nach raibh an t - airgead acu. Bhí an bochtanas go for- leathan sa tír agus cé go raibh an scéim fóirdheonaithe go láidir ag an rialtas bhí ar dhaoine a gcuid tithe a bheith sreangaithe acu agus bhí táille cheangail le híoc fosta. Tugadh ‘ backsliders ’ orthu sin a d ’ aontaigh dul isteach sa scéim ach ansin a tharraing amach as arís. Uair amháin a bhí ceantar réidh le bheith lasta suas thug an ESB taispeántas ar cuid de na gléasanna leictreacha a bhí ar fáil ón ESB mar a bhí na citil, na hiarainn don smúdáil agus mar sin de. Bhí forbairt seasta déanta tríd na caogaidí agus ag tús na seascaidí agus faoin bhliain 1965 bhí 80% de na tithe faoin tuath ceangailte isteach sa scéim. Creid é nó ná creid ach ghlac sé go dtí lár na seachtóidí sula raibh na háiteacha is iargúlta ceangailte. Fóirdheonaithe go laidir Heavily subsidised Sreangaithe Wired

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3