Guth Ghoill, Eagrán 68
Eagrán 68 Nollaig 2020 47 Bhí stádas na n - oileán níos measa arís: Árainn Mhór, 1956 Inis Bó Finne, 2002 Inis Fraoigh, 2000 Gola /Gabhla, 2005 Bhí Dún na nGall roinnte i 45 ceantar tuaithe agus thug siad ceantar Charraig Airt ar an pharóiste seo. Thosaigh siad anseo i mí Meithimh 1954 agus chríochnaigh siad i mí Feabhra 1955. D ’ úsáid siad 1330 poll ag an am agus tháinig na poill sin isteach go céidh na nDúnaibh mar go bea sin an modh taistil is fearr dá leithéid sin d ’ ualach. Thosaigh siad i gCarraig Airt agus tháinig siad isteach go dtí na Dúnaibh leis an chumhacht roimh dheireadh na bliana ach bhí áiteacha fágtha ar leataobh. Bhí an leictreachas ar an Ghlíob agus i nGleann Úirigh i 1956 ach is i mí na Samhna 1963 a fuair Dun Dúbhain an leictreachas. Bhí fear a raibh clú is cáil air faoin áit ag dul thart le capall mór, Clydesdale a bhí sa chapall, ag tarraingt na bpollaí fríd na cuibhrinn. Bhí na páistí ar Scoil Mhíob- haigh a choimhéad is é ag tarraingt pollaí síos a fhad le teach Den Coyle ar an Raplach.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3