Guth Ghoill, Eagrán 68

Eagrán 68 Nollaig 2020 48 Tá scéal fá bhean a bhí ina cónaí i gceantar iargúlta agus nuair a cuireadh an leictreachas isteach dithe chuaigh a deartháir isteach go bhfeicfeadh sé caidé mar a bhí rudaí léi. Thug sé fá deara an soicéad amháin ar an bhalla sa tseomra beag ina raibh sí agus chuir sé ceist uirthi fá caidé a shíl sí den leictreachas. Seo an freagra a fuair sé. “ Aw ” a dúirt sí “ All dem years an ’ that ’ lectric was in dem walls an ’ ah niver knowed. ” Thosaigh an scéim sa cheantar seo faoi stiúir Mr. D. P. Gallagher agus bhí sé ar aghaidh go maith nuair a cuireadh é go Baile Átha Cliath agus ghlac Mr. P.J. Quinn seilbh ar an togra. I dtuairisc faoin cheantar dúradh gur tír gharbh shléibhtiúil a bhí inti, ina raibh gleannta doimhne agus portaigh go forleathan. Bhí píosa faoi leith a bhí tuairim is dhá mhíle ar fad idir Carraig Airt agus na Dúnaibh a bhí trioblóideach go leor mar gur gaineamh uilig a bhí ann agus é chóir a bheith ag leibhéal na mara. Bhí sé chóir a bheith dodhéanta poill a thochailt amach do na pollaí mar nach raibh siad ábalta dul níos doimhne ná ceithre throigh go dtí go mbuailfeadh siad uisce. ‘ Sé ’ n réiteach a fuair siad ar an fhadhb ná bairillí tara a chuir síos agus na pollaí a chuir iontu. D ’ oibrigh siad go hiontach mar cha raibh fadhb ariamh leo i ndiaidh sin, ba chuma caidé chomh láidir is a shéid an ghaoth. Chuidigh an leictreachas go mór ó thaobh fostaíochta sa cheantar. D ’ oscail McNutts monarchan i 1958 agus bhí an bhád chlós ar an Mhaol Ruaidhe fosta. Osnádúrtha Supernatural

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3