Guth Ghoill, Eagrán 68
Eagrán 68 Nollaig 2020 49 Chuaigh 502 teach isteach sa scéim ar dtús ach tharraing 28 amach arís agus bhí ceathrar de na tithe folamh ó rinneadh an canbhás. Ar an taobh eile den scéal chuaigh 44 duineúr isteach sa scéim agus thug seo 514 san iomlán. Dhíol an ESB neart earraí cosúil leis na citil agus mar sin thóg siad £1500 sa cheantar, rud a d ’ fhág an ESB breá sásta. Lena chois sin cheannaigh Óstán Charraig Airt luach earraí gur bhfiú £1261. Char tharla rud ar bith ariamh sa tír seo a d ’ athraigh saol na ndaoine sa 20ú aois níos mó ná Scéim Leictreachas na Tuaithe. Bhain se léar den sclábhaíocht amach as an fheirmeoireacht agus chuidigh sé go mór le saol na mban fosta mar ag an am bhí orthu dul síos go dtí an sruthán nó an abhainn agus tine a lasadh leis na héadaí a ní, rinne an t - ineall níocháin ar shiúl le seo. Is ar shaol shóisialta na ndaoine is mó a tháinig athrú. Ghlac mar shampla go raibh daoine ag dul isteach i dtithe na gcomharsan ag airneál san oíche agus cha raibh a leithéid de rud ann is cnag a bhuaileadh ar an doras. Shiúil siad isteach, shuigh siad síos agus ba rud nádúrtha a bhí ann é seo a dhéanamh. Ach leis an leictreachas tháinig an teilifís agus de réir a chéile stad an airneál. Bhí réim an tseanchaí thart. Le teacht an leictreachais Cha raibh leath oiread taibhsí nó síogaí faoin cheantar, d ’ imigh siad leis an dorchadas agus cha raibh an creideamh céanna ag daoine i rudaí osnádúrtha . Tá sé doiligh sa lá atá inniu ann an tuigbheáil cheart a fháil ar an éacht a rinneadh sa tír seo leis an leictreachas a thabhairt d ’ achan theach..Cha raibh Eire saibhir nó láidir i dtaca le heacnamaíocht nó le tionscail de nuair a thug siad agaidh ar bhóthar an tsaoil ach d ’ éirigh leis an rialtas an jab iontach seo a chur i gcrích agus laghdaigh siad an t - ualach ar an ghnáth dhuine agus las siad solas sa tír atá ag lonrú go fóill. “Bhí fear ann fadó agus fadó a bhí … Will ye listen to me!”
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3