Guth Ghoill, Eagrán 68

Eagrán 68 Nollaig 2020 5 cha raibh sé ariamh chomh sásta is a bheadh sé nuair a bhí sé amuigh ar an fharraige agus maide stiúrach ina lámh agus toitín ina bhéal. Cha raibh smid gaoithe ann an lá céanna agus bhí Neil ag tógáil na bpotaí agus bhí mise ag cur an baoite isteach iontu. Bhí an baoite istigh i mbairille beag adhmaid inár ghnáth leo na scadáin a shailleadh ann agus tá mé ag insint daoibh, ghlacfá goile iarainn a bheith agat le greim a choinneáil ar do dhinnéir nuair a bhainfeá an clár de. Chan ag magadh atá mé. Bhí an boladh tréan ar fad ach bhí mise breá cleachtaithe leis faoin am seo agus char chuir an boladh isteach nó amach orm. Chan amhlaidh a bhí sé nuair a thosaigh mé ag dul amach ar an bhád. Shíl mé go dtabharfadh sé mo bhás an chéad uair a bhain mé an clár den bhairille sin. Bhí mé chomh tinn le madadh is ghlac sé tamall maith domh teacht chugam fhéin agus Neil ar crith leis an gháire. Taispeánann sé duit go dtig leat fáil cleachtaithe le rud ar bith. ‘ Sé an rud is iontaí fá bheith amuigh ar an uisce lá ciúin ná go gcluineann tú achan rud. Chluinfeá madadh ag tafann thuas i dTulach nó caora ag méileach ar Chnoc na Sleá agus chluinfeá, gan buaireamh ar bith, achan scread agus achan gháire ó na páistí is iad ag rith thart ag imirt lena chéile. Chan iontas ar bith é mar sin, nuair a bhí muid ag tógáil pota in aice le Carraig an Ime ar thaobh Fhánada gur chuala muid duine inteacht ag scairteadh ainm Neil. “ Neil, aloha, Neil. ” “ Cé sin? ” arsa Neil, ach cha raibh feidhm ormsa amharc thart. D ’ aithin mé glór an Ghearmánaigh Mhóir. “ Sin Guntar, ” a dúirt mé i gcogar, ná tabhair aird ar bith air. Coinnigh ag dul agus ná lig ort fhéin gur chuala tú é. ” “ Tá a fhios aige go damanta maith go gcluineann muid é, ” arsa Neil. “ Déan neamhaird de, ” a dúirt mé, “ caith amach an pota sin agus rachaidh muid síos go dtí ’ n Mheall Mhór amach as an chosán go tapaidh. ” Bhain Neil an toit as a bhéal. “ A Nan, ” a dúirt sé, “ Cha dtig linn sin a dhéanamh. ” “ Cad chuige nach dtig? ” arsa mise. Mar tá sé ag stánadh anall idir an dá shúil orm, ” arsa Neil. Le sin thóg sé a lámh lena ordóg in airde aige. D ’ amharc mé thart ansin agus bhí an bheirt acu ina seasamh ar Phointe Shéamais. “ Can we come aboard, ” a scairt Guntar. “ No bother, ” a scairt Neil, agus é sásta go leor mar bhí i gcónaí dúil aige daoine a thabhairt amach ar an bhád leis. Ach chan sásta a bhí mise! Bhí a fhios agamsa go raibh mo lá socair suaimhneach i ndiaidh dul bealach an gharraí.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3