Guth Ghoill, Eagrán 68
Eagrán 68 Nollaig 2020 50 Seo thíos cuntas faoi chuid costas CLG Na nDúnaibh don bhliain 1948. B ’ í Peigí Ryder rúnaí Céim Aniar a chur seo ár mbealach mar go raibh a hathair féin ina rúnaí ar CLG Na nDunaibh ag treimhsí le linn na mblianta sin. Dar ndóigh bhí Peigí í fhéin ina rúnaí ar CLG Na nDúnaibh ar feadh deich mbliana. Tchífidh sibh thíos duilleog ar a bhfuil cuntas ar an chaiteachas a bhain le cumann a reáchtáil dhá bhliain déag agus trí fichid bliain ó shin, siar sa bhliain 1948, an bhliain a bhain na Dúnaibh Craobh Sóisir na Contae don chéad uair. Tugann seo léargas dúinn ar an athrú ó shin maidir le cúrsaí airgid. D ’ amharc mé fríd ráiteas airgid CLG Na nDúnaibh don bhiain 2019 agus is dócha go dtiocfaí a rá go gcosnaíonn sé i ndeas de chéad míle euro an cumann a reáchtáil anois. Caithfear a chur san áireamh anois go bhfuil foirne faoi - aois, sin ó faoi - 6 go faoi - 21 a reáchtáil ag an chumann comh maith le dhá fhoireann sinsir agus níl sin ag cur foirne na mban san áireamh. Ceann de na costais mhóra atá ar fhoirne an lae inniu agus nach raibh iomrá ar bith air san am sin ná árachas (insurance). Má amharctar ar an ráiteas ó 1948 tá bille de ‘15/ - to Donohue for cigs ’. B ’ fhéidir gur seo an dóigh a bhí acu leis na peileadóirí a íoc! Maidir leis an Donohue atá ansin, ba seo siopa beag a bhí in aice le Teach Thrá Mhór. Tá sé druidte le blianta. Ceannaíodh péire bróga peile fosta do Barney Winston. Bhí seisean ina gharda a bhí lonnaithe i gCreamhghort agus a d ’ imir do na Dúnaibh in amanna. Fuair Gaoth Dobhair £5 ar chúis éigin agus creid nó ná creid bhí ar an chumann £3 cíos a íoc leis an Iarla Liatroma ar son úsáid na páirce. Sin mar a bhí an saol i 1948.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3