Guth Ghoill, Eagrán 68

Eagrán 68 Nollaig 2020 6 Tá dhá dhóigh cheart le dul isteach ar bhád. Isteach ón chéidh an dóigh is fearr nó isteach ó bhád eile, mar shampla punt beag, agus sin an dóigh a chuaigh muidinne isteach ar an Dawn i gcónaí. Taobh amuigh de na dóigheanna sin tá deacrachtaí dul a bheith agat. Cha raibh Pointe Shéamais ar dhóigh ar bith sásúil le daoine a thógáil as mar bhí na carraigeacha uilig ag gobadh amach faoin uisce agus cha raibh Neil ábalta an Dawn a thabhairt isteach cóngarach go leor. Bhí lúcháir orm fhéin agus bhí mé go díreach réidh le ‘ sorry ’ a rá leo nuair a dúirt Guntar Mór go snámhfadh siad amach chugainn. “ No way, ” arsa mise, “ why not ” arsa Guntar, is é réidh leis na héadaí a chaitheamh de. Mhínigh mé dóbhtha go raibh sruthanna contúirteacha sa chuan, rud atá fíor nócha faoin gcéad den am, ach an lá seo leis an tráigh cha raibh bogadh san uisce. Cha dtug mé deis dóbhtha sin a aithint agus dúirt mé leo dul isteach ar an tráigh. Rinne siad sin agus sa deireadh thiar thall fuair muid an bheirt isteach ar an bhád. Shílfeá go raibh siad i ndiaidh an lotto a bhaint bhí an oiread sin lúcháire orthu. Bhí go maith is cha raibh go holc agus sheol muid linn. Siocair nach raibh ach pota amháin eile le tógáil againn thosaigh Neil ag tógáil muiríní leis an tslat fhada, rud a chur iontas an domhain ar an bheirt. Bhí mé fhéin breá socair faoin am seo mar bhí achan rud ag dul go maith. Mheas mé go soineanta nach raibh dóigh ar bith a dtiocfadh leis an bheirt praiseach a dhéanamh den lá orm amuigh i lár an chuain. Bhí siadsan ag amharc san uisce agus ag scairteadh achan uair a chífeadh siad muirín agus ansin thógfadh Néil é amach as an uisce. “ There ’ s a big one, ” arsa Hilda, agus chur Neil an t - inneall chun deiridh. “ Tchím é, ” a dúirt sé, agus chur sé an tslat san uisce. Bhí, b ’ fhéidir,deich dtroigh d ’ uisce fúinn agus bhí sé ag síneadh síos go fada is a thiocfadh leis le greim a fháil ar an mhuirín. Fuair sé é san eangach ach an t - am seo nuair a thóg sé an tslat bhí an eangach imithe den bharr. D ’ amharc muid uilig san uisce is bhí sé le feiceáil go soiléir ar an ghrinneall. “ Bhail, sin deireadh leis an tslat don lá inniu agus tá sé go réidh agat muid a ligint isteach ar an oitir, a Neil, ” arsa mise , “ gheobhaidh muid tuilleadh muiríní ansin. ” Sula bhfuair Neil deis freagra a thabhairt chuala muid an plab ón taobh eile den bhád. Cha raibh feidhm ormsa amharc thart mar bhí a fhios agam caidé a bhí ag dul ar aghaidh. Cinnte le Dia chonaic muid Guntar Mór mar a bheadh rón

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3