Guth Ghoill, Eagrán 68
Eagrán 68 Nollaig 2020 7 ann thíos fúinn ag tógáil na heangaí agus gan stitch air. “ Anois an gcreideann tú mé, ” arsa mise le Neil. “ Ó, a Dhia, ár sábháil, ” arsa Neil, “ caidé ’ n dóigh a bhfaighidh muid é isteach ar an bhád arís? ” “ Arú isteach ar an bhád, ” arsa mise, “ caidé ’ n dóigh a bheas muid ábalta an míol mór sin a thógáil isteach ar an bhád.? ” Le sin bhris cloigeann Ghuntar craiceann an uisce agus shín sé an eangach chuig Neil. Sula raibh deis againn focal a rá, mhol sé dúinn an pota deireanach a thógáil agus go raibh seisean ag dul isteach ar an oitir le muiríní a thógáil. Cha dtiocfadh liom é a chreidbheáil, bhí sé réidh le siúl thart ar an oitir gan stich air agus bheadh sé soiléir d ’ achan duine a bheadh ag amharc amach ar an Mhaol Ruaidh gurb amhlaidh a bhí sé. Mheas mé nach dtiocfadh le rudaí éirí níos measa nuair a rinne Guntar iarracht a bhean chéile a mheal- ladh isteach san uisce. Sin bean nach raibh doiligh a mhealladh. Sheas sí agus bhí sí réidh le caitheadh di nuair a chuimhnigh mé ar bhairille na mbaoití. “ Would you pass me some bait please, Hilda, before you dive into the water? ” arsa mise, agus aoibh mhór shoineanta ar m ’ aghaidh. “ It ’ s in the wee barrel there. “ “ Ya, ” arsa Hilda, “ I help ok. ” Chas sí an clár agus thóg sí é agus d ’ amharc sí isteach sa bhairille. Bhail, a leithéid de ghlam phianmhar a lig sí aisti nuair a bhuail an boladh í. Thiontaigh sí go tapaidh agus chaith sí amach a bricfeasta thar taobh an bháid. Guntar bocht! Cha raibh faill aige bogadh amach as an chosán agus bhuail an t - iomlán é idir an dá shúil. Caithfidh mé a rá nach dtiocfadh liom fhéin nó le Neil an gáire a choinneáil istigh nuair a chonaic muid na cornflakes spréite thart ar a chloigeann mhaol. Bhí na deora ag titim liomsa agus bhí Neil ar a ghlúine agus gan é ábalta a anáil a fháil leis an gháire nuair a mhothaigh muid bogadh láidir sa bhád is shíl mé go raibh muid dul a thiontú bun os cionn, shíl mé go raibh muid i ndiaidh carraige a bhualadh ach sé ’ n rud a bhí ann ná Guntar ag teacht isteach ar an bhád. Bhí sé i bhfad níb aclaí ná mar a shílfeá le hamharc air. Sheas Guntar sa bhád is thosaigh sé fhéin ag gáire. Cha raibh a fhios againne cá háit le hamharc. Thiontaigh Neil air an t - inneall agus chuaigh muid isteach le rása. Hilda bhocht, bhí sí chomh lag sin i ndiaidh a tinnis go raibh ar Ghuntar í a iompar isteach ón bhád. Le scéal fada a dhéanamh gairid chuaigh bliain iomlán thart agus rinne mé dearmad den bheirt go dtí go bhfuair mé litir ó Ghuntar ag rá go raibh sé fhéin is Hilda ag iarraidh theacht agus mí iomlán a
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3