Guth Ghoill, Eagrán 68
Eagrán 68 Nollaig 2020 9 Seo mo chuimhní ar bhaile fearainn Chluain tSaileach, na tithe agus na teaghlaigh a rinne cónaí iontu, le linn domhsa a bheith ag éirí aníos.Bhí Cluain tSaileach roinnte ina cheithre chuid – An Baile Thiar, An Baile Thoir, Liobóg agus an Chloich Bháin. ( An Chloch Bhán). De réir cuid léarscáileanna na Suirbhéireachta Ordanáis tá Reilig Mhíobhaigh i gCluian tSaileach fosta. Tá sé theach déag sa bhaile fearainn seo agus thig iad a leanstan ar an léarscáil. Teach Uimhir 1. Chéarlaí Ó Buaidhe (Chéarlaí Phádraig). Ba a mhac Nochaí agus a iníon Maggie a rinne cónaí sa teach i m’óige. Maraíodh a ndeartháir John sa chéad chogadh 1914 — 1918. Bhí siopa agus oifig poist sa teach agus ba anseo a bhí an t-aon ghuthán a bhí ar an bhaile seo. Ba Nochaí a bhí i mbun cúrsaí feirmeoireachta. Bhí muileann beag arbhair aige fosta, ceann láimhe a bhí ann. Bhí an teach seo ar an phríomh ionad cumarsáide ar an bhaile, ba seo ag deireadh na dtriochaidí. Dá mbeadh ort scairt teileafóin a chur áit ar bith chaithfeá a dhul go dtí oifig an phoist agus chuirfeadh Maggie thú fríd. Ach d’fhéadfadh achan duine sa tsiopa do ghnoithe a chluinstean. Ba scéalta brónacha a tháinig Maggie
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3