Scathlan 1

give a site for a popish chapel, this spot hallowed by such memories and associations should have been clung to by the people". ANTUILE Anois tigim go dti abhar mo leachta, 'Lana Tuile'. Cead bliain 'sa la inniu, La Fheil' Muire 1880, tharla ceann de na heachtrai is br6nai i stair chorraitheach an phobail seo. . Samhlaigi dibh fein an teach pobail seo san am - an foirgneamh ceanna gan m6ran athraithe. Ni raibh an da ghailearai taoibhe ann - Ni raibh ann ach an ghailearai mh6r. Mar duirt me, bhi an abhainn ag rith faoin urlar agus sios i lar an yard amuigh. Anois, samhlaigi an suiomh an La Fheil' Muire sin. Tana daoine cruinn fa choinne aifreann a d6 dheag, 'na sui sna suiochain an ait a bhfuil sibhse anois agus ar an ghailearai mh6r. Ta idir 900 agus 1000 duine i lathair. Thainig siad 6 ghob Chnoc Fala go barr a Toir agus isteach 6 na hoileain. Ni raibh nduine as ceantar Dhun Luiche ann mar bhi teach pobail da gcuid fein acu le naoi mbliana roimhe sin (1871 ). La m6r i saol Chaitlici na gceantar seo a bhi i La Fheil Muire agus an bhliain seo thit se ar an Domhnach. B'olc an te nach ndeanfadh freastal ar aifreann De. Ba luath a d'fhag cuid acu baile, cuid at dhroim capaill ach an mh6r chuid de shiul cos. Ach bhi an mhaidin maith, teas bruithneach ann agus an speir glan gorm. Ach i dtratha an deich, bhi nealta dubha ag cruinniu os cionn Mhin an lolair agus nior bhfada go raibh fuaim toirni le cluinstin. Thosaigh an fhearthainn throm ann nuair thosaigh an Sagart Ac Phaidin ar an aifreann - e fein agus a thriur c!eireach: D6nal Mac Giolla Easpaig (Den Eoghain Ruaidh), agus Seamas 0 Fearraigh (Jimmy Sheain Ui Fhearraigh) as Srath na Corcra agus Dualtach 0 Gallch6ir (Dualtach Chonchuir) as Machaire Chlochair. Ach thuas sna cnoic, bhi an dile i bhfad nios measa agus ni raibh fada go raibh tuile fhianta san abhainn seo amuigh ag scuabadh lei's ag cartadh roimpi turt6gai, crainn 's achan chonamar eile. Stopadh an piopa faoi theach an phobail. D'eirigh an t-uisce amuigh ach bhi na doirse druidte agus ma bhi braon ag sileadh isteach tein, nior chuir na daoi'ne m6ran suime ansin. Ag am Comaoineach, bhi se ag eiri go beal na mbr6g ar na daoine agus le sin fein, chuir bru an uisce na doirse isteach agus, i gcuig bhomaite, bhi an t-uisce deich dtroithe ar airde - dha throithe dheag a deir cuid de na cuntais. Is furast dibh a shamhlu caide an tafach taisc a bhi ansin. Daoine ag tabhairt iarraidh ar an ghailearai agus ar na fuinneoga, suiochain ag snamh ar bharr an uisce, bocsa an eisti ar a tsnamh, sealtai ban agus bearaid fear. Chriochnaigh an sagart tabhairt amach na gcomaoineach ach ni raibh se i bhfad go raibh an t-uisce go hascallai air. Chuaigh se suas ar thabla na halt6ra agus tharraing beirt de na cleirigh leis. Bhi an triu duine, Seamas 0 Fearraigh, a chuaigh 'na sacraisti ar theachtaireacht, bhi se crothnaithe. Is cosuil gur beireadh ar a chuid eadaigh sa doras nuair a dhruid se ina dhiaidh. Thug an tuile lei doras is eile 'na dhiaidh sin - fuarthas carp Sheamais thios ag an Chuife trathn6na. Thainig an t-uisce ar an tsagart ar an alt6ir agus, le cuidiu suiochan a bhi ar snamh thart, fuair se suas san fhuinneog i gcul na halt6ra. Thug se absal6id don tslua a chonaic se faoi· sa chontuirt. Duirt se fein ina dhiaidh sin gurb e an t-iontas e nach raibh ar a laghad leathchead baite. Duirt se go bhfaca se gniomhartha gaisce a dheanamh 34.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3