Scathlan 1
Chuala an pobal trup ar an dion. Bhi siad uaiscneach indiaidh na tuile agus thug siad iarraidh · ar an doras. Bhi brudan bocht ann agus trampaladh daoine faoi chosa. Bhi cuntas sa 'Derry Journal' air. Deir se go dearn an Dr. Ferguson a bhi anseo san am freastal ar ochtar a bhi gortaithe go maith agus duirt an dochtuir fein go raibh girseach amhain - McBride as Gabhla - 'very precarious'. 'Se an miniu a bhi ag an phaipear a.r an trup na gur slata a bhi scaoilte ar bharr agus gur shleamhnaigh se anuas an dion, ach 'se an miniu ata i seanchas ·na ndaoine gur amhl6iri a chai~h clocha beaga suas ar na slatai a rinne an torman. Domhnach na Craiceala a bheirtear i seanchas na ndaoine ar an Oomhnach sin. Baisteadh Biddy Bhilly as an Mhachaire Loisce agus bean Phaidi Jack Mh6ir as Mhin an lolair an la sin. A, M. SULLIVAN, M.P. Rinne me tagairt i dtus na cainte seo d6. Is fiu cupla focal a ra fa dtaobh d6. Rugadh e i mBeanntrai i gContae Chorcaigh i 1830 - Alexander Martin Sullivan. Chuaigh se ag obair mar iriseoir ag an 'Nation' agus nuair d'~hag Gavan Duffy e, bhi se ina eagarth6ir agus ina uineir. Bhi cuis na hEireann an-dheas da chroi ach nior chreid se sa lamh laidir agus bhi se in eadan gluaiseacht na bhFinini. Bhi se ina M.P. do Co. Lu agus do Co. na Mi. Chuaig~ se a ch6nai i Sasain. Bhris an tslainte air agus fuair se bas i mBaile Atha Cliath i 1884. Bhi. se na chuairteoir i· nGaoth Dobhair blianta roimh an tuile agus aithne mhaith aige ar theach an phobail. Nuair a chuala se fa'n tuile, scriobh se litir fhada chuig an Times i Londain ar an 23u Lunas ag tabhairt cuntas cruinn ar theach a' phobail agus a stair agus ag achaine ar lucht leite an pbaipeir iomraitigh sin cuidiu a thabhairt don tSagart 'Ac Phaidin sa cha ill a thainig air. Thug an achaine sintiuisi go leor isteach. Ta daoine mar Lord Granville, Lord Harrington, W. H. Smith, John Bright, Mr. Chamberlain agus a Ian teachtai parlaiminte idir Coimheadaithe agus Liobralaithe. Bhi an Chief Secretary Forster ar an liosta chomh maith. Gan mhoill 'na dhiaidh sin, rinn an Sagart Mac Phaidin e fein achaine sa Derry Journal agus cl6bhualadh an achaine ina Ian paipeir eile thar lear. I measc na ndaoine a chuir sintiuisi, bhi Dr Croke, Ardeaspag Chaisil, a bhfuil Paire an Chr6caigh ainmnit~e ina dhiaidh, - chuir se £100 - agus Dr. McCabe, Ardeaspag Bhaile Atha Cliath, £100 eile. Ta Daniel Keown as an Bhun Beag ar ·an liosta fosta - dhiol se £5. DANTA AGUS AMHRAIN Scriobhadh go leor fa'n tuile, go m6r mh6r danta ach i mBearla ata siad uilig. Sampla amhain sinithe ag L- - , Bohernabreena, Gweedore. I saw that church at eventide The rushing flood had flown But all around in ruins Lay its altar overthrown Andmen and women over their dead Were wailing at that shore · And grief and horror reigned supreme That eve in wild Gweedore. 37.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3