Goitse, Aibreán 2010

Aibreán 2010 Goιtse 5 Beidh ceann dena grúpaí ceoil is suimiúla sa tír faoi láthair, Henrietta Game , chomh maith le duine dena hamhránaithe agus cumadóirí amhrán is fearr dá bhfuil againn, Enda Reilly, i measc na gceoltóirí a bheas ar an ardán ag an Cabaret Craiceáilte Dé Sathairn seo, 24 Aibreán, Tigh Hiúdaí Bhig, An Bun Beag, Gaoth Dobhair. Tá comparáid déanta idir cuid ceoil Henrietta Game, agus leitheid Sigur Ros agus Arcade Fire, agus déantar comparáid idir ceol Enda Reilly agus John Martyn. Fógraíodh an tseachtain seo fosta go mbeidh An Cabaret ar Chamchuairt Craiceáilte go háiteacha éagsúla in Éirinn an samhradh seo. Beidh an scaifte Craiceáilte ag tabhairt aghaidh ar Fhéile Oirghiall 1-2 Bealtaine, áit a mbeidh An Chabaret ar siúl i dTeach Leanna Thír na nÓg ar an Satharn agus an Domhnach. Beidh siad Craiceáilte i gConamara, mar chuid den Fhéile, Pléaráca Chonamara ar an Satharn 22 Bealtaine, agus ag tabhairt aghaidh ar Fhéile na mBoscaí Ceoil, Oileán Thoraí, Dé Sathairn 5 Meitheamh. Beidh an grúpa reggae, Bréag , Henrietta Game , Doiminic Mac Giolla Bhríde , Líam Mac Giolla Bhrighde , Bríd Ní Icí , Niall Hackett agus siamsóirí eile páirteach sa chamchuairt náisiúnta. Ach is sa bhaile, Tigh Hiúdaí, an áit gur thoisigh sé uilig, a bheas an Cabaret oíche Shatharn. Beidh lúchair ar lucht leanúna an Henrietta Game, go bhfuil siad ag pilleadh ar an Bhun Bheag, arís, tar éis an gig ar dóigh a bhí acu ag Cabaret Craiceáilte mhí Eanáir. Sheinn an Henrietta Game ag Cabaret Bhaile Átha Cliath san Odeon ar an mhí seo ’chuaigh thart, agus ag an Chabaret Craiceáilte speisialta a bhí ar siúl sa Phuball Gaeilge, le linn an Electric Picnic, ar an tSráidbhaile, Condae Laois, anuraidh. Tá gaol láidir acu leis an réabhlóid Chraiceáilte anois, réabhlóid a cuireadh ar bun chun saol sóisialta agus siamsaíochta tré Ghaeilge a thabhairt chun cinn, chomh maith le tionscal ceoil na Gaeilge a spreagadh agus a chothú. Beidh an Henrietta Game ag seoladh an chéad EP Gaeilge dá gcuid ag an Chabaret i Muineachán ar an 1 Bealtaine. Tá siad ag súil go mór leis an darna cuairt ar Ghaoth Dobhair, dar leis an phríomh- amhránaí Christy Leech.”Bhain muid sult mhór as a bheith ag an Chabaret le linn an Electric Picnic, chomh maith le Cabaret Ghaoth Dobhair agus Bhaile Átha Cliath. Tá lucht leanúna ceoil ar dóigh i nGaoth Dobhair, agus táimid ag súil go mór leis an spiorad chraiceáilte, agus piontaí deasa, a bhlaiseadh tigh Hiúdaí” adúirt sé. Fear eile a bhfuil dúil aige sa spiorad chraiceáilte, agus sna piontaí blasta, ná an sár chumadóir/amhránaí Enda Reilly, as Tamhlacht, i mBaile Átha Cliath. Canann sé a chuid amhráin féin den chuid is mó, chomh maith le seanchlaisicí cosúil le Deoindí agus An Cailín Álainn. Beidh Enda agus a bhuíon ceoil ag casadh den darna uair ag Cabaret Ghaoth Dobhair, cé go raibh sé ag Cabaret Bhaile Átha Cliath agus Cabaret An Phicnic cúpla uair fosta.Tá tóir mhór ar amhráin da chuid féin a bhionn le cloisteáil ar RnaG, leitheidí ‘Ceol As An Dorchadas’,‘Cur an Long ag Seol’ agus ‘Bainne Deag’.Bhain sé an chéad áit i gcomórtas ceoil ‘Rónán Beo @ Ráidió Na Gaeltachta’ anuraidh lena amhrán ‘Mol An Aimsear’. Beidh An Chabaret ag toiseacht ar a 10pmDé Sathairn seo, 24 Aibreán, Tigh Hiúdaí, agus na ticéid ar fáil ag an doras ar sladmhargadh de €5. Póstaer: CaomhánÓ Scolaí 087-2734035 TEACH HIÚDAÍ BHIG AN BUN BEAG • GAOTH DOBHAIR 9.30PM DÉ SATHAIRN 27 AIBREÁN € 5 HENRIETTA GAME ENDA REILLY AGUS AÍONNA EILE CEAD ISTEACH GACH EOLAS AR FÁIL Ó WWW.CRAICEAILTE.COM Thall is abhus leis an Chabaret Craıceáılte Craiceáilte i gcéin is i gcóngar: Filleann an Cabaret Craiceáilte ar a fód dúchais i nGaoth Dobhair an Satharn seo sula dtabharfainn sí faoi chamchuairt samhraidh ó Fhéile Oirghiala go Pléaráca Chonamara agus isteach go Toraigh. CABARET CRAICEÁILTE AR CHAMCHUAIRT NÁISIÚNTA: FÉILE OIRGHIALL 1-2 BEALTAINE PLÉARÁCA CHONAMARA 22 BEALTAINE OILEÁN THORAÍ 5 MEITHEAMH Fonn damhsa: Eoghan Mac Giolla Bhríde, Máire Ní Choilm agus PJ Joe Jack Ó Curráin ag an Chabaret. Henrietta Game: Ag bualadh ag Cabaret Ghaoth Dobhair Ceol as an Dorchadas: Enda Reilly ar ais linn i dTigh Hiúdaí Ag pósáil: Bernie Nic Pháidín, Enda Reilly agus Rónán Mac Aodha Bhuí ag an Chabaret san Odeon Cairde craiceáilte: Cuid den scaifte ag baint sult as Cabaret Bhaile Átha Cliath.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3