Goitse, Aibreán 2010
Seoladh an leabhar agus dlúthdhiosca Ící Pící i nGaoth Dobhair, i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste ar na mallaibh. Bhí níos mó ná dhá chéad duine i láthair sa Chúirt nuair a sheol an chomhlacht foilsitheoireachta Éabhlóid Ící Pící, leabhar do pháistí a tháinig amach as Gaoth Dobhair ar na mallaibh. Ceol nuachumtha ag Doimnic Mac Giolla Bhríde agus ceolta go binn ag páistí ó Ghaeltacht Dhún na nGall. Seod dheas í an leabhar seo agus bronntanas dheas do pháiste ar bith. Lán le gníomhamhráin agus amhráin meidhreacha a thabharfaidh ar pháistí ceol amach agus damhsa; an- úsáideach sa tseomra ranga nó do dhuine ar bith ar mhaith leis páistí a spreagadh chun ceoil. 6 Goιtse Aibreán 2010 Idir sean agus óg tógtha le hÍcí Pící Léitheoireacht cheolmhar: Gormlaith Nic Niallais ag ócáid seolta an leabhair agus dlúthdhiosca Ící Picí in Óstán na Cúirte, Gaoth Dobhair, ar na mallaibh. (GRIANGHRAF: EOIN MAC GARVEY) Ag an seoladh: Jimmy Ó Dufaigh, Sean Ó Maolagáin, Grace Ui Mhaolagáin agus Kim Uí Dhufaigh ag seoladh Ící Pící . (GRIANGHRAF: EOIN MAC GARVEY) Cairde Ící Pící: Clodagh agus Ailbhe Ní Ghallchóir lena máthair mór Nora Bhán Nic Gairbheith ag seoladh Ící Pící . (GRIANGHRAF: EOIN MAC GARVEY) Ag an seoladh: Anna Ní Bhreasláin, Áine Ní Bhreasláin, an tAthair Brian Ó Fearraigh, Cití Ní Mhaonaigh agus Nell Uí Ghallchóir a bhí i láthair ag seoladh Ící Pící . (GRIANGHRAF: EOIN MC GARVEY) Tuilleadh grianghraif le feiceáil ag www.emgphotos.com Ag léamh le chéile: Nellie Nic Giolla Bhríde agus a gariníon Sorcha ag léamh Ící Pící . Tá dánta agus ramáis a chum an t-iarmhúinteoir scoile Nellie in úsáid sa leabhar agus dlúth-dhiosca. Dea-scéal nuachta: Is í Áine Ní Bhreasláin, Nuacht TG4, a sheol Ící Pící in Óstán na Cúirte, Gaoth Dobhair, ar na mallaibh. (GRIANGHRAF: EOIN MAC GARVEY)
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3