Goitse, Aibreán 2010
Aibreán 2010 Goιtse 7 Ag taifeadadh: Brian McCafferty,Ann McDermott, Tony Mac Ruairí agus John Michael Harden Tras-teorann: Ghlac mná Bhruach Sheáin páirt i gceardlann socrú bláthanna a reáchtáladh in Ionad Naomh Pádraig, Dobhair Obair ealaíne: Cuid de na páistí as an Chlub Óige ag obair ar an mhósáic álainn atá taobh amuigh d’Ionad Naomh Pádraig, Dobhair. Ag ealaín: Nicola Ní Bhaoill ag obair ar mhósáic taobh amuigh d’Ionad Naomh Pádraig, Dobhair, thar an Cháisc. Mar a tchidh tú ó na pictiúirí thíos, bhí siad iontach gnoitheach in Ionad Naomh Pádraig le cúpla seachtain anuas. Chomh maith le gnáth-imeachtaí an Ionaid, bhí malartán acu le dream as Bruach Sheáin i gContae Aontroma. Coicís ó shin, bhí mná Bhruach Sheáin ar cuairt chuig an Ionad agus rinne siad cúrsaí ar chócaireacht, ealaín, potaireacht agus socrú bláthanna. An tseachtain seo chugainn, ar 1 agus 2 Bealtaine, beidh seal na bhfear ann agus beidh iascaireacht, photoshop, gailf agus ceol ar bun acusan. Chomh maith leis sin, bhí ceoltóirí sa stiúideó ag taifead leagan den amhrán “Is fada liom uaim í” agus tá siad ag súil an diosca a eisiúint an tseachtain seo. Mórimeachtaí ealaíne is ceoil ag Ionad Dhobhair Mósáic an Ionaid: An obair chríochnaithe
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3