Goitse, Aibreán 2010
8 Goιtse Aibreán 2010 An Spotsholas ar Phobalscoil GhaothDobhair Giobail ghleoite: Foireann ‘Trash Couture’ ag an Oíche Dhrámaíochta a d’eagraigh Pobalscoil Ghaoth Dobhair ar na mallaibh. Damhsóirí: Claire Ní Bhaoill, Neasa Bheáid agus Keevagh Ní Dhónaill a bhí ag damhsa ag an Oíche Dhrámaíochta Seinnteoirí: Emma Ní Fhíoruisce agus Gormlaith Maynes ag seinm ag an Oíche Dhrámaíochta. Seinnteoirí: Maria Ní Ghallchóir, Sarah Ní Bhairclé agus Rachel Ní Rabhartaigh a bhí ag seinm ag an oíche Dhrám- aíochta i bPobalscoil Ghaoth Dobhair. Banrion an Bhradáin: An fhoireann a léirigh an dráma Banríon na mBradán ag an bPobalscoil: Rosie Nic Gairbheith, Maria Ní Chuireáin, Síle Ní Ghallchóir, Eva Ní Dhoibhlinn agus Ciarán Mac a’ Gheirmhridh, le léiritheoir an dráma, Pól Mac Cumhaill. Buaiteoirí Grand Prix: Jack Ó Gallchóir, Emma Ní Fhíoruisce agus Antoin de Blárach, foireann an dráma Teach na mBocht a bhuaidh an ‘Grand Prix’ ag Scléip 2010 agus a fuair scothléiriú na féile ag Féile Scoldhrámaíochta Ghaoth Dobhair ag an Oíche Dhrámaíochta. An Crann Óg: (Thuas) Baill den ghrúpa ceoil áitiúil An Crann Óg a sheinn ag an Oíche Dhrámaíochta i bPobalscoil Ghaoth Dobhair le goirid. Am na cinniúna: (Ar dheis) Laura Nic Lochlainn, Caoimhe Nic Giolla Chóill, Caoimhe Nic Pháidín, Christina Ní Luachra agus Louise Nic Aoidh ón ghrúpa rinceoirí ‘Cinniúint’ ag an Oíche Dhrámaíochta i bPobal- scoil Ghaoth Dobhair. Póigín: Brídín Ní Mhaoldomhnaigh ar an ardán i bPobalscoil Ghaoth Dobhair. D’eagraigh Pobalscoil Ghaoth Dobhair oíche mhór dhrámaíochta ar na mallaibh le drámaí, ceol agus taispeántas faisin. Bhí scaifte mór dáltaí, tuismitheoirí agus aíonna eile i láthair ag Pobalscoil Ghaoth Dobhair an mhí seo don Oíche Mhór Dhrám- aíochta a reachtáiltear sa scoil ar bhonn rialta. Mar is gnách, bhí an caighdeán aisteoireachta iontach ard agus bhain an scaifte an-sult as na drámaí a bhí ar an ardán. Ina measc siúd, bhí Teach na mBocht agus Banríon na mBradán , chomh maith le seó aonarach, ceol agus taispeántas faisin ag úsáid ábhar athchúrsáilte. Mar atá soiléir ó na pictiúirí, bhí lucht smideadh iontach gnoitheach ar an oíche.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3