Goitse, Aibreán 2010

Focla Mhıcí Uaisneach – duine ata furasta a scanradh … is feidir é a usaid í gcás ainmhí nó duine …bheadh bó uaisneach ag éisteacht le tuaim na farraige. Cruitire – duine a bhainfeas ceol as a chláirseach. Cuasnóg – an áit a bhfuil nead ag na beacha fiáine … na beacha fiáine a nios an mhil …na bumbáin Creathán – Creathán beag scadán – measarthacht scadán … bád a mbeadh gráin scadain léithe, ach chan barraíocht Palmaire – piosa nó cos adhmaid a théann isteach sa stiúir leis an bád a threorú mar is ceart. Broghais – bó a bheadh i ndiaidh gamhain a bheith aici, bheadh an porgais crochta leis an bhó i ndiaidh don ghamhain teacht ar an tsaol. Clomadóir – duine a bheadh ag díol cluibhreach sa tsean-am fá choinne babhstair agus a leithéid Seachantach – duine iontach seachantach…duine atá ag iarraidh fanacht ar shiúl ó dhaoine eile … Ulair – altóir – déanta mar a beadh altóir cearnógach…in úsáid ag na Críostaithe sa tsean-aois Cluinc – bang – trup an dorais ag druid Díomhaoin – duine nach bhfuil pósta … tá sé diomhaoin … tá sé ar an tseilf. Aibreán 2010 Goιtse 9 An Traonach le Máire Wren Cé gur píobaire an aon phoirt é, d’éistfinn trí sheol mara le glór grágach an traonaigh is é go rúnda faoi chumhdach san fhéar fhada sna cuibhrinn cois na habhna. Ba leor don traonach breac monabhar an mheithil os cionn sioscadh na speile ag fógairt baint an fhómhair agus theithfeadh sé lena anam le go seachnódh sé an corrán is an lann. Mar sin a mhair sé is an feirmeoir taobh le taobh ar feadh na mílte bliain, gur ruaig an t-inneall bainte le ruathar rothmhol rúideach é is thit an támh ar cheol an traonaigh sna cuibhrinn cois na habhna. Is theith sé go tearmainn thairiseacha – go hInis Bó Finne agus Toraigh, is go himeall tíre fá Mhachaire Rabhartaigh, is chronaigh muid an ‘ créch! créch! ’ ag fógairt tús an tsamhraidh. Líon muid tost an traonaigh le gnúsachtach na n-innealra gur bhánaigh muid na móinéir, is nach beag an sochar dúinn an tarra agus an stroighin. Le deireanas, tá éan rúnda eile ag scolfarnach san fhéar fhada, is tá an gháir amuigh air go bhfuil sé cíocrach, is nach baol dó inneall nó lann. Tá a ainm i mbéal an phobail, cé nach fios daofa a thréithe go fóill – is ní chloistear as a bhéal ó mhaidin go hoích’ Ach ‘ Nama! Nama! ’ Fear na bhfocal: Bíonn Micí Whiting Mac Aodha ina aoi rialta ar an chlár Rónán beo@3 ar Raidió na Gaeltachta gach tráthnóna Dé Máirt. Tá muid buíoch do Mhicí, do Rónán agus do fhoireann Raidió na Gaeltachta as cead na focla seo a chur i gcló. Domhnach Cásca ı nGaoth Dobhair

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3