Goitse, Meitheamh 2010
Meitheamh 2010 Goιtse 11 Níor bhlais mé coinín go dtí go dteachaigh me ‘na Fraince agus na hIodála – agus is iad a bhí blasta. Le gairid thug mo mhac péire abhaile do dhinéar na cásca – ceannaithe ó Fallon and Byrne í mBaile Áth Cliath. Chuartaigh mé oideas sna leabhair chócaireachta agus bhí féasta againn. Ansin, nuair abhí sé ag déanamh cúrsa ar chlaíocha cloch a thógail le Pat McAfee – sár-ear na gcloch – bhí stócach den lucht siúil ar an chúrsa. Lá amhaín scaoil sé a mhadadh agus is gearr go raibh coinín marbh aige – ceann dó féin – ceann don mhadadh agus thug sé an chuid eile do na daltaí eile. Chuala mé mná den lucht siúil tamall ó shoin ag labhairt ar an raidió fá leabhar cócair- eachta a chuir siad le chéile de na sean – oidis traidisiúnta do bhia ón dúlra. Rith sé chugam gur acu an diet is fearr in Éirinn – díreach cosúil le fear in Rann na Feirste a d’inis domh – siocar go mbíodh uncal s’aige ag sealgaireacht – gur tógadh an teaghlach ar chearca fraoigh, coiníní, bradaín, colmáin choille agus eile. Le linn a óige – bia na ríthe. Dúirt Dinny McGinley go síulann sé thar an trá agus na méithé faoi Ostán Ghaoth Dobhair ag leath-uair indiadh a seacht ar maidin. Sin a t-aon doígh, sul a dtoisíonn rudaí eile ag teacht sa mhullach ar dhuine. Rinne mé amhlaidh, agus ‘chonaic mé coiníní ar na Bánta. Bhí an t’am ann go raibh mé céasta acu sa gharraí. Chuirfinn sa phota iad dá bhfeadfainn ach chuir mo mhadadh nó an madadh rua an ruaig orthu. Anois siad na cairria an sciúrse is measa agus iad ag méadú faoi na binn. Deánann siad scrios ar chrainn agus ar bharrthaí agus níl namhaid a choinneochadh faoi chois iad ach an corr dhuine le gunna. Nuir a bhí mé óg sna caog- adaí bhíodh coiníní crochta taobh amuigh de na siopaí búistéara i gcónaí. De réir scéaltaí ba thionscal mór fá Gaoth Dobhair, Cloch an Fohaoiligh agus na Rosa é coiníní a chur ar fáil do na búistéaraí. Deirtear liom go mbíodh asail le carranna lán daofa ag dul amach an bealach. Bhfuil tuilleadh eolas ag aon duine faoi seo? Na Normanaigh a thug coiníní isteach sa tír san aonú chéad déag fá choinne feola agus fionna. Ach d’imigh an faisean i léig dón tairge sin. Ach b’féidir go dtiocfaidh sé ar ais. Togha bí atá sa choinín, agus iad beo ar luibheanna agus saor chead a gcos acu amuigh faoin spear. Tá barráiocht ar eolas faoin dian-eirmeoir- eacht cearc agus muc idir anti- biotics i hormóin agus eile – gan trácht ar an saol ainniseach teoranta atá acu. Nóra Chit L EABHAIR & C ATALÓG NUA Ag Taisteal le Tarlach sa Pholainn €10.50 ISBN 978-1-85791-741-38 Gruaig Fhinn €7.00 ISBN 978-1-85791-774-1 Athdhíolaim d'Abairtí Dúchasacha €8.50 ISBN 978-1-85791-775-8 Cá bhfuil tú, a Phádraig? €15 ISBN 978-1-85791-748-2 Gluaiseacht €7.50 ISBN 978-1-85791-755-0 Ainmníodh an leabhar seo ar Ghearrliosta Gradaim Leabhair na Bliana do pháistí a eagraíonn Leabhair Pháistí Éireann agus Bisto www.gaeilge.ie/angum Le ceannach agus le hordú uathu seo: www.oideas-gael.com Fón: (074) 97 30500 Is gá Costas Postais a fhiosrú Focla Mhıcí Culaith sainn : planda ata iontach cosuil le cuileann (holly) …plandai talun…nil se coitianta Min seáthadaireacht : an dusta atá fágtha ar an urlár i ndiaidh tú adhmad a ghearradh le seá…. Hab : leac na fuinneoige…fag an cupa ar a’ hab .. hab na fuinneoige Túsc : pratai agus min friothu le tabhairt do na beithigh …bhruithfeadh siad na prátaí agus an mhin frid a chéile Ruideall : déanta ina ruideall cruinn … fa choinne salachar a bhaint amach as an ghrainn Urrúnta : duine láidir , ábalta , urrúnta…. Tumaire : fear a bheadh ag caitheamh an uisce amach as an bhád … le tumán …. buicéad déanta d’adhmad … Tuairlín : rud a bhí acu le bheith ag brú prátaí le brúitíni a dheánamh Tamhnach : talamh tamhnach ..talamh garbh ….cosuil le tamhnach a tsalainn Súgaí : dá mbeifeá ag scairtigh ar ghamhain óg …sugai sugai sugai….cho leis an mhadadh ….scuit leis an chat …..hip leis an bho …. Flocas : …an caorán uilig geal aige …. Ceannbhán atá air san oclóir. Bog cotton i mBéarla Failc : hairlip i mBéarla Leaslaigh – ina shui ar a thaobh ar a chathaoir Leithcheal a dhéanamh ar dhuine – duine a ágáil amuigh Bíonn Micí Whiting Mac Aodha ina aoi rialta ar an chlár Rónán beo@3 ar Raidió na Gaeltachta gach tráthnóna Dé Máirt. Tá muid buíoch do Mhicí, do Rónán agus do fhoireann Raidió na Gaeltachta as cead na focla seo a chur i gcló. An Naoscach le Nóra Chit Togha bí atá sa choinín, iad beo ar luibheanna agus saor chead a gcos acu amuigh faoin spéir.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3