Goitse, Meitheamh 2010

Eoin Mac Garvey Ghlac mór chuid na scoláirí i Scoil Eoin Pól, Loch an Iúir páirt i gcomórtas An Béal Binn a reáchtáladh sa scoil ar na mallaibh. Cuireadh tús leis an gcomór- tas anuraidh le linn don scoil bheith ag ceiliúradh ochtó bliain ó osclaíodh é agus rinne coiste na tuismitheoirí cinneadh leanacht leis arís i mbliana. Tá Peg Nic Suibhne as Gaoth Dobhair fostaithe mar chúntóir teanga sa scoil anois agus tá an- obair déanta aici leis na paistí mar a léiríodh ag ceolchoirm na bliana seo. Tá roinnt de na paistí ag freastal ar ranganna le Bríd Anna Ní Bhaoill i Rann na Feirste, bean a bhfuil go leor gradaim bainte aici féin don fhilíocht agus scéalaíocht. B’í Michelle Nic Phaidin as an Ghlasaigh i nGaoth Dobhair a bhí mar mholtóir, duine a bhfuil taithí an-mhaith aici ar cúrsaí filíochta agus ceoil os rud é go nglacann sí fhéin páirt in go leor comórtais, Oireachtas na Gaeilge ina measc. Mar a bhí anuraidh, ba é Corn Cuimhneacháin Erin Logue a bhí mar phríomh- dhuais, corn a chur teaghlach Erin, iar scoláire a fuair bás arú anuraidh, ar fáil agus i mbliana b’í Áine Nic Gairbheith, seacht mbliana, as rang a h-aon, col ceathrar d’Erin a bhain príomh- dhuais an chomórtais agus an corn leis an dán ‘Mo Bhábóg’. 6 Goιtse Meitheamh 2010 Binneas béil dhaltaí Loch an Iúir Mark Ó Curráin (2ú áit), Séamus Mac Grianna (1ú áit) agus Tess Nic Pháidín (3ú áit), buaiteoirí rang na naonáin ag an Béal Binn i Scoil Eoin Pól, Loch an Iúir. Eugene O’Beirne, buaiteoir rang a 5 ag Beal Binn Scoil Loch an Iúir, i gcuideachta Shannon Ní Churráin (3ú) agus Jordan Ó Dúgáin (2ú). Conor Mac Gairbheith, buaiteoir, rang a 4, le Katelyn McGarvey (3ú), Amy Caffrey (2ú), agus Peg Nic Suibhne, Cúntóir Teanga. Marie Nic Gairbheith, agus Theresa Nic Grianna, Coiste na Tuismitheoirí, le buaiteoirí Rang a 6, Aoife Nic Gairbheith, buaiteoir, Selina Ní Churráin (3ú áit), Dónall Mac Grianna (2ú áit) Buaiteoirí Rang a 1 Alfie Mac Grianna (3ú), Áine Nic Gairbheith (1ú) agus Emma Ní Mhórdha (2ú) i gcuideachta Michelle Nic Phaidin, moltóir. Eilís Ní Dhúgáin (2u), Maura Nic Eamharcaigh (1ú) agus Kayleigh Nic Daibhid (3ú), naonáin mhóra Sinéad Nic Ruairí, a bhain duais sa chomórtas amhránaíochta Eugene Greene ag ceol ag ceolchoirm Loch an Iúir (Thíos:) Breid Marie Byrne agus Bernadette Nic Suibhne ag baint sult as Coirmcheol Scoil Eoin Pól, Loch an Iúir. Ciara Nic Grianna ar stáitse ag seó Scoil Eoin Pól, Loch an Iúir. Áine Nic Gairbheith, seacht mbliana d’aois, príomhbhuaiteoir chomórtas an Beal Binn le Corn Cuimhneacháin Erin Logue ag Scoil Eoin Pól. Kevin Mc Shea ar stáitse g ceolchoirm Scoil Eoin Pól (Ó chlé:) Jamie Mac Pháidín; Joseph Mac Grianna; Daithí Mac Roibeáird, Múinteoir; Mairéad Nic Suibhne, Príomhoide Scoil Eoin Pól, Loch an Iúir ag bronnadh an chéad duais i rang a 2 ar Mhéabh Ní Icí. Tuilleadh grianghraif le feiceáil ag www.emgphotos.com

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3