Goitse, Meitheamh 2010
Meitheamh 2010 Goιtse 7 Oíche mhór cheoil in éadan Píolóin Bhí oíche iontach ceoil i dtoigh Leo an mhí seo a chuaigh thart le tacaíocht a thabhairt don ghrúpa timpeallachta Donegal Alter- native to Pylons. Tá an grúpa in éadan pleananna atá ag an ESB agus Eirgrid líne cumhachta 110kv a chrochadh ar phíolóin fríd chuid de na radharca is deise san taobh seo tíre. Chomh maith le ceoltóirí as an cheantar, bhí Paul Brady, Mundy agus Glen Hansard as an ghrúpa The Frames ar an ardán. Choinnigh siad ceol leis an scaie mór a bhí i láthair go dtí go mall san oíche agus, nuair a bhí deireadh leis an choirm oifigiúil ceoil, bhí na réalta ag bualadh leo i measc mhuintir na háite. Ach ní sin deireadh leis na himeachtaí ag an ghrúpa. Bhí oíche eile le bheith acu i dtoigh Leo Déardaoin 3 Meitheamh. I measc na gceoltóirí a bhí le bheith i láthair ag an ócáid sin, bhí Brian Kennedy, e Celtic Tenors agus Frances Black. Bhí Moya Brennan leis an oíche a chur i láthair. Ceolta Uladh Scoth an cheoil ar lipéad Gael Linn Ar fáil i siopaí ceoil agus ar-line www.gael-linn.ie Gael Linn, 35 Sráid an Dama, BÁC 2 Paul Brady, Mairéad Ní Mhaonaigh, Moya Brennan, Mundy agus GlenHansard ag ceol i dTábhairne Leo, Min na Leice, ag coirmcheol tacaíochta Alternative to Pylons. GRIANGHRAF: EOIN MC GARVEY Cuid den lucht éisteachta ag baint suilt as an oíche ceoil a reáchtáil an ghrúpa timpeallachta Alternative to Pylons i dTábhairne Leo ar na mallaibh. GRIANGHRAF: EOIN MC GARVEY Bíonn Gort a’ Choirce, thar trí lá ón 11-13 Meitheamh, ina mecca scannánaíochta do léar mór de lucht leanúna scannán ó Éirinn is thar sáile. Is í fís na féile seo ná scannáin den chéad scoth, a bhfuil go leor gradam buaite acu, a thabhairt go dtí an ceantar seo ar imeall na hEorpa chomh maith le lucht a ndéanta. ar an deireadh seachtaine roinneann daoine ar spéis leo scannáin, cuairteoirí idirnáisiúnta, turasóirí agus muintir na háite eispéireas faoi leith agus tionóil so-aitheanta – is furasta do gach duine aithne a chur ar a chéile, nascanna a dhéanamh, agus a bheith i mbun plé is díospóireachta. Le ‘féach na scannáin uilig, cas ar na stiúrthóirí uilig’ mar mhana aige, tá Guth Gafa i ndiaidh áit ar leith a bhaint amach i measc éilte scannán an domhain. Geallann féile na bliana seo clár saibhir ilghnéitheach de 30 fad- agus gearrscannán fais- néise as Éirinn agus as tíortha eile. Baineann Guth Gafa le hÉirinn agus an domhan; cearta daonna; dlúthscéalta streachailte; scannáin eipice faoi scrios na timpeallachta ag corporáidí móra; portráidí aoibhinne de dhaoine as an ghnáth. Idir an t-ábhar tionscantach, an meascán de scannánóirí rí-éagsúla agus an díospóireacht as cuimse, tagann féiniúlacht Guth Gafa chun cinn – ár Scannáin ar an Imeall! I measc na scannán i Gaeilge i mbliana, tá Ó Pheann an Phiarsaigh le Alan Gilsenan, a craoladh ar TG4 le goirid. Mar a bhíonn i gcónaí, tá níos mó i gceist le Guth Gafa ná féile scannán. Is féidir lenár gcuid cuairteoirí agus aíonna taitneamh a bhaint as cócair- eacht den scoth ag Caifé na Féile agus pionta a bheith agat i gceann de na tithe tábhairne áitiúla mar a mblaisfidh tú fáilte iomráiteach na Gaeltachta agus an ceol traidisiúnta. Níos moille, lastar na hoícheantaí le ceol beo den chéad scoth go trátha beaga na maidne i gClub na Féile. Sárdheireadh seacht- aine a bhíonn ann do chách! Féach suíomh gréasáin na féile ag www.guthgafa.com le haghaidh sonraí uile an chláir, imeachtaí speisialta tionscail, taispeántais theaghlaigh, pac- áistí deireadh seachtaine agus áirithintí. Guth Gafa Ghort an Choirce Ó Pheann an Phiarsaigh: Scannán dátheangach a taispeánfar ag Féile Ghuth Gafa
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3