Goitse, Meitheamh 2010
Meitheamh 2010 Goιtse 9 Segovia Gearrscéal le Brighid Uí Mhonacháin Tá daoine ann a bhfuil fuath acu ar an Luan. Bhí Rónán Ó Móra ar dhuine acu. Cléireach óg sa státseirbhís a bhí ann. Agus b’fhada leis i gcónaí go dtigeadh am scoir tráthnóna Dé hAoine. Dar leis nach bhfuil obair ar bith comh maslach ag duine le bheith ag ligean air go bhfuil sé ag obair. Ach níor mhaidin Luain mar gach maidin a bhí ann an lá a d’oscail sé an páipéar agus a chonaic sé go raibh Segovia ag teacht le ceadal a thabhairt i Halla Uladh. Agus ní bheadh ann ach an t-aon cheadal amháin. Tháinig Rónán gan lón an lá sin agus chuaigh amach ón oifig le focal a chur ar dhá shuíochán, ceann dó féin agus ceann d’ Isibéal. Scar sé fá chroí mhór mhaith le £40. Chuir sé an guthán ar Isibéal an chéad fhaill a fuair sé. “Bhail‘Isibéal! Coinnigh oíche an deichiú lá saor. Ná bí ag dul ’na’ bhaile an deireadh seachtaine sin. Beidh Segovia ag teacht go Béal Feirste.” “Segovia ?” “Arú, ’Isebéal! Tá a fhios agat Andrés Segovia.” Bhí tost beag ann. “Cén club a bhfuil seisean ag imirt daofa?” “Is fear iomráiteach giotáir é. Tá cáil ar fud an domhain air — maestro ar an ghiotár chlasaiceach. Ní raibh sé anseo ariamh roimhe agus ní bheidh arís nó tá sé thar sheachtó bliain d’aois. Geallaim duit go mbainfidh tú sult as.” D’fhéad sé a fhios a bheith aige nár chuala sí iomrá ar Segovia ariamh. An sórt cailín a bhí intí, rachadh sí chuig scannan trí oíche sa tseachtain agus chuig damhsa na ceithre oíche eile. Ní sin le rá nach raibh suim i gceol aici, ach abraimis nach raibh sí crochta as. Ní hé ach oiread nach rachadh sí chuig corrchoirm cheoil leis. Rachadh agus chuaigh roinnt uaireanna ó chuir sé aithne uirthi sé mhí roimhe sin. Bhí sé ag iarraidh í a mhealladh le dúil a chur sa cheol nó rud maith a bhí ann ag péire, dar leis, caitheamh aimsire a bheith acu i gcoitinne. Tráthnóna an lae mhóir fuair sé scairt ghutháin ó Isibéal. Bhí sí buartha. Ní bheadh sí ábalta ghabháil. Thit croí Rónáin mar a thitfeadh an ruaim leis an fhabhair. Bhí uirthi ghabháil chuig Garrán na Fearnóige agus cása luchógaí a chur ar an eitilt go Manchuin. (Bhí post ard aice i saotharlann na hOllscoile) Bhí sí buartha. Ach ní raibh neart air. Ní raibh dul as. Sin mar a bhí. Bhuailfeadh sí leis ag an Café Roma i ndeireadh na hoíche. “Agus caidé tá mé in ainm a dhéanamh leis an dá thicéad seo?” ar seisean. “Gabh síos chuig an halla go luath agus díol iad,” ar sise go ceannasach “Beidh ráchairt orthu.” “Agus caidé fá Segovia?” “Bhuel, díol ceann amháin acu, mar sin de.” “Agus mé suí ansin i mo bhaileabhair? Rud eile, cé tá ag dul a cheannacht ticéad amháin ar scor ar bith?” “Ná céadtaí! Nach bhfuil cliú agus cáil ar an Uasal Cibé Ainm Atá air?” Bhail! Ba sin an buille a mharaigh an mhuc. “Slán, tífidh mé thú,” arsa Isibéal go haerach. “Míorúilt a bheas ann má tí tú mé nó ní bheidh mise ag an Chafé Roma. Abair leis na luchógaí go raibh mé ag cur a dtuairisce. Slán, ’Isibéal.” Bhain sé Halla Uladh amach fá dhuairceas croí le go ndíoladh sé na ticéid a bhí ina phóca brollaigh le coicís. Bhí scaifte cruinn fá oifig na dticéad. Bhí gleo agus mianán san fhardoras agus daoine ag iomaíocht le chéile ag iarraidh ticéid a cheannacht. Chuaigh brúdán agus gleo na háite i bhfeidhm ar Rónán. D’éirigh sé tógtha san intinn i dtobainne. Ní raibh sé idir dhá chomhairle níos mó. Chuir sé a lámh in airde ag taispeáint go raibh aon ticéad amháin ar díol aige. Níor luaithe sin déanta ná tháinig cailín de rúchladh ionsair lena cheannacht agus d’imigh sí uaidh mar a bheadh saighead ann isteach sa halla. Bhain sé a shuíochán amach. Ní raibh de sholas sa halla ach solas an stáitse. Mhothaigh Rónán néal aoibhnis nuair a nocht an maestro . Chuaigh deann fríd a raibh sa halla nuair a chuala siad chéad chordaí Segovia. Sheinn sé ar feadh dhá uair an chloig. Dhá uair an chloig d’aoibhneas gan mhilleadh, dar le Rónán. Nuair a d’fhág an slua an halla ní raibh smid astu nó bhí siad sa ghlóir. Shílfeá gur ag iarraidh na nótaí deiridh ceoil a chaomhnú agus a athbhlaiseadh a bhí siad. Bhí Rónán é féin ag siúl leis agus an ceol ag déanamh meadhráin dó. Bhí sé ag barr na sráide nuair a mhothaigh sé go raibh an cailín óg taobh leis. Bhí siad ag gabháil sa treo chéanna le breith ar an bhus dheireanach. Labhair sí. Díoladh gach ticéad taobh istigh de dhá lá ó fógraíodh teacht Segovia agus bhí sí féin mall ar an mhargadh. “Agus mar bharr ar an donas hiarradh orm ragobair a dhéanamh anocht. Ach ab é go raibh an cailín atá os mo chionn sásta m’ionad a dhéanamh chaillfinn an t-eispéireas is mó i mo shaol.” Dúirt Rónán gur cheannaigh sé dhá thicéad ach gur chlis a ghirseach air. “Lig domh cupa caife a cheannacht duit” ars an cailín “nó ba lách an mhaise duit gan breis airgid a iarraidh ar an ticéad.” Dúirt sí leis dá mbeadh sé san fhaopach a choíche arís go rachadh sí leis ach í a bheith saor. Scríobh sí a hainm agus a huimhir ar a serviette agus thug dó é. “Ná déan dearmad,” ar sise “nó tá dúil bhocht sa cheol agam.” Nuair a d’amharc sé ar an nóta d’aithin sé uimhir ghutháin Isibéil i saotharlann Ollscoil na Banríona. © Brighid Uí Mhonacháin “Trunca an tsiocáin, scuab an tséideáin agus citeal an chnaipe!” B’aoibhinn liom an tslí a bhain Maggie Neddie Dhonnchaidh síneadh as an teangaidh agus í ag gabháil i ngleic leis an fridge , leis an hoover agus leis an t- electric kettle . “Trunca an tsiocáin, scuab an tséideáin agus citeal an chnaipe!” Sanasaí na tírúlachta, chuir sí faoi chuing an dúchais an ní a bhí deoranta. I ndeismireacht bhéil a daoine bhaist sí iad go galánta i gcóiriú na croíúlachta. “Trunca an tsiocáin, scuab an tséideáin agus citeal an chnaipe!” Trealamh tí na fichiú haoise! D’ainmnigh sí iad amhail is dá mba ann daofa i gcónaí; baill den tsean, chomh nádúrtha le leaba shuíocháin, le cathaoir shúgáin, le tubán saillte. “Trunca an tsiocáin, scuab an tséideáin agus citeal an chnaipe!” Anois tá siad ag tógáil meirge agus ag titim as a chéile i dteach atá tréigthe; fiallaí i mbéal an dorais is tost an bháis ar theangaidh Mhaggie Neddie Dhonnchaidh. “An fridge , an hoover agus an t- electric kettle ” Sin a gcluinim inniu i gcaint bhacach an bhaile. Ar láthair seo do thí, a Mhaggie Neddie Dhonnchaidh, fiafraíonn Annette domh, páiste girsí’ “’bhfuil international roaming ar do phone , Charlie?” “Trunca an tsiocáin, scuab an tséideáin agus citeal an chnaipe!” Ní mhaireann dá mbrí, dá mbua, ach iad a bheith luaite i ndán, is ca bhfios cén fhaid eile a mhairfidh teangaidh seo an dáin le do shaoithiúlacht a thabhairt slán, A Mhaggie Neddie Dhonnchaidh. (Mín A Leá, 5 Aibreán 2010) Tiontú le Cathal Ó Searcaigh dúil
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3