Ceannóga agus Coinlíní

An Pobal An Lucht Siúil Bhuel, d'imigh mé liom i mbéal mo chinn agus casadh na gypsies seo orm. Bhí siad ag déanamh greim bí ar thaobh an bhealaigh mhóir agus rann siad an bia liom agus bhí comhrá agam leofa agus ní raibh deifre ormsa nó ní raibh obair ar bith agam agus ní raibh mé ag gabháil áit ar bith agus bhí siadsan ag glacadh an tsaoil ar a suaimhneas, ach sa deireadh i dtrátha na hoíche chuaigh muid a chuartú lóistín. Casadh cúpla cruach choirce agus féir orainn ar thaobh an bhealaigh. Le comhrá a dhéanamh, dúirt mise le fear acu "ó ní bheadh moill ar fhear an oíche a chaitheamh istigh i gceann de na cruacha coirce sin!" "Ó," a deir sé " ná gabh choíche isteach i gcruach choirce, ní bheifeá ansin i bhfad go gcuirfeadh na luchógaí amach thú." "Má tá tú ag gabháil a chuartú dídeain," a dúirt sé "gabh isteach i gcruach an fhéir, tá sí níos sábháilte, ach," a dúirt sé "ní bheidh fiachadh ort, tá a fhios againne cá bhfuil lóistín." Shiúil muid linn tamalt agus tháinig muid go dtí teach mór suarach, ag amharc taobh amuigh air, agus leoga bhí sé go suarach taobh istigh fosta nuair a chuaigh muid isteach. Bhí leapacha anuas ar dhá cheann an tí, leapacha singilte, ach bhí siad uilig tógtha suas agus ní raibh dóigh ar bith codlata fágtha ach rópa a bhí ina rith ag binn an tí ó cheann go ceann dithe agus dúirt na gypsies liomsa go gcaithfeas muid luí ar an rópa. Bhuel, ní fhaca mise a leithéid ariamh de leaba agus ní fhaca ó shin agus níor chuala mé aon duine luí ar cheann acu ach b'éigean domh luí ar an rópa an oíche sin ach má luigh féin, níor chodlaigh mé mórán, ach sin, chuir sin deireadh leis an rópa. Maidin lá arna mhárach nuair a d'imigh muid, rinne mise cinnte go raibh leaba agam fá choinne an darna hoíche. Donnchadh Ó Baoighill, Rann na Feirste. Turas chun Aifrinn Thiocfá amach chun Aifrinn Dé Domhnaigh… Thíos i bPort Arthur, shiúlfá suas go bun an bhealaigh mhóir, thiar ansin, cosnochta, aníos ansin cosnochta. Chuirfeá ort na bróga ag gabháil siar go teach phobail. Aniar, agus bhainfeá duit do bhróga ansin agus shiúlfá síos ar ais. Ó, ní raibh bróga ar bith ort ar scor ar bith i rith an tsamhraidh. Istigh ar an oileán, bhí tú ag gabháil 'na scoile cosnochta, amuigh ag buachailleacht cosnochta…Curacha a bhí acu…thiocfaí amach i gcurach, achan duine agus a churach féin leis amach, a theaghlach féin. Sin an dóigh a raibh sé. Bhí lear ag teacht amach agus ansin Domhnach nach bhfaighfeá amach, b'fhéidir go bhfaigheadh na fir amach, bheadh sé rógharbh, rachfá siar go dtí an statue agus déarfaí an Paidrín thiar ag an statue . Cuireadh an statue sin suas sa Marian Year… rachadh siad siar ansin agus déarfadh siad an Paidrín thiar ansin. Agus, i rith October rachadh siad siar ansin leis an Phaidrín a ráit achan tráthnóna…thiar ag barr an chéidh go díreach. Bridie Joe McKechnie, Inis Meáin. Ag siúl chun na Scoile …an t-am sin, ba ghnách le achan duine cúpla fód mónadh a thabhairt leofa agus…bheifeá costarnocht is achan sórt eile…Arú, bhí tú costarnocht cinnte, déarfaidh muid ó thús an Aibreáin go dtí mí September . Agus bhí brístí gairide an t-am sin ar na gasúirí agus bhí muid chóir a bheith sé bliana déag, seacht mbliana déag. Shílfeá by God gur girseacha a bhí ionainn! Dá bhfeicfí duine mar sin anois! Á, bhuel, d'athraigh an t-am, buíochas don Rí ar scor ar bith. Tá níos mó airgid agus dóigh níos fearr ar achan duine agus tá dóigh mhaith orthu. Eddie McGuigan, An Dearachán, Na Gleannta. An lucht siúil i gCroithlí, 1950í. Scoil na Luinnigh, 1914.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3