Ceannóga agus Coinlíní
An Convoy Bheadh convoy ann. Ba ghnách liom féin, bhuailfinn port ar an mhileoidean fad ó shin… Bhí mé ag cúpla convoy fosta ann m'am, girseacha óga a d'fhág an baile thall ar an Cheathrúin. Bheadh siad ag imeacht go Meiriceá an lá arna mhárach agus chuirfeadh siad scéala go raibh buailteoir a dhíobháil fá choinne giota ceoil nó giota damhsa. Bhuail mé thuas ar an Bhealtaine chomh maith, tá an teach thuas ansin go fóill agus achan am a bhfeicim é smaointím air; mé i mo shuí thuas ar an staighre beag a bhí ann ag bualadh an bhocsa agus na seanbhoic uilig thíos agus na bróga garbha orthu. Damhsa thart…ar na leacacha… cha raibh deireadh air. Bheifeá marbh ag bualadh go maidin. Cha raibh uchtach ag aon duine a ráit "tá muid ag gabháil 'na bhaile anois." Le glanadh an lae, chaithfeá imeacht le náire agus bhí an ghirseach bhocht seo ina suí léithe fad is a bhí muidinne ann agus aici le himeacht go Cóbh le ghabháil ar an bhád, cé bith uair – bheadh tacsaí ordaithe aici. Agus chaithfeadh sise seachtain ar an bhád ag gabháil anonn. Bhí na convoys, bhí siad truacánta. Danny Ó Canainn, Gort an Choirce. An tAthair Mac Pháidín Bhí sé iontach cruaidh ar na daoine, ní ligfeadh sé do dhamhsa ná dadaí a ghabháil ar aghaidh. Bhí damhsaidheacha tíre ag gabháil san am, ní ligfeadh sé do hall taí damhsa ar bith a bheith ann…Bhí fear ag inse domh go raibh damhsa oíche amháin in áit agus an t-am sin seáltaí a bhíodh ar na mná agus an t-am a bhí an damhsa ag gabháil ar aghaidh thart fán haon déag san oíche go dtáinig Canon McFadden isteach agus gur ghlan sé an teach agus gur imigh cuid de na girseachaí gur fhág siad na seáltaí ina ndiaidh le tréan eagla roimhe. Sin an t-am a bhíothar ag gabháil a dhéanamh teach pobail ar an Éadan Anfach ann 1906…Bhíothar ag cruinniú airgid ar dhóigh inteacht ach cuireadh McFadden go Meiriceá fá choinne fáil réitigh de agus thosaigh na damhsaidheacha agus thosaigh an cearrbhachas. Agus an t-am sin, dúirt sagart inteacht, áit ar bith a raibh paca cardaí istigh go raibh an diabhal thuas ar an bhéim, ar bhéim an toighe. Agus ní raibh cead damhsa ar bith a bheith sa Chorgas…Bhí an t-am iontach cruaidh an t-am a bhí an Canon McFadden ann. Eoghan Mac an Bháird, An tÉadan Anfach. Inis Meáin sna 1920í. An tAthair Mac Pháidín. An leacht ag Droichead na nDeor.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3