Ceannóga agus Coinlíní
An Duine Reilig na bPáistí Tá coirnéal taobh dheas de theacht isteach 'na reilige ina bhfuil páistí gan bhaisteadh agus bhí siadsan curtha agus páistí fosta de mhná nach raibh pósta. Bhí siad sin curtha i lár na hoíche, b'fhéidir, thall ansin…Chaithfeadh siad a bheith curtha roimh a sé a chlog ar maidin cé bith caidé an tuige, but bheadh siad curtha roimh a sé a chlog ar maidin. Denis Anne Mac Giolla Bhríde, Fánaid. Tréithe na nDaoine Sin an rud a sheasaigh do mhórán den tseanbhunadh – bhí an-chuimhne acu, agus sílim féin agus tá mé do mo chur féin isteach sa chuntas, níl cuimhne mhaith ag mórán daoine anois nó tá barraíocht rudaí eile ag tarlú…Tá dóigh eile ann agus tá barraíocht ar a n-intinn le bocsaí na bpictiúirí agus leat mar sin. Bhí rud eile ar an tseanbhunadh fosta…bhí comhrá… Gabh thusa isteach i dteach thíos ins an bhaile agat féin – cé mhéad duine atá ag cuartaíocht ann nó ag airneál? Tá sin ar shiúl. Agus, dá mbeifeá ag brath a ghabháil a dh'airneál… rachaidh tú isteach agus tá an bocsa air – an teilifís, agus déarfaidh siad "tá a leithéid seo ag teacht air anois ag a hocht a chlog!" B'ionann an cás a rá "coinnigh do bhéal druidte." Ach, bhí an seanbhunadh, bhí siad millteanach agus bhí siad cor maith ag inse scéaltaí… Conall Mac Fhionnaille, Glaisigh Daibhéid. Mná Caointe i dToraigh Tá cuimhne agam orthu. Bheadh ceathrar nó cúigear acu agus bhí siad leagtha amach acu fána choinne, an t-am a chuirfí síos an corp ins an uaigh. Ins an am sin, cha raibh an brat glas seo againne ar chor ar bith. Nuair a thosófaí agus líonfaí an chréafóg isteach garbh suas go dtí an béal agus an t-am a bhí sin uilig déanta agus an scraith ar an rud, choisricfeadh an ceathrar nó an cúigear acu seo iad féin agus thosódh siad a chaoineadh. Bhí iontas orainne fá dtaobh de sin ach bhí a fhios ag an tseanmhuintir go mbeadh seo ag gabháil ar aghaidh ach cha raibh a fhios againne seo… Caoineadh, sórt de chaoineadh…b'fhéidir go ndéanfadh siad deich mbomaite nó ceathrú uaire de sin, d'éireodh siad ar ais ansin agus iad ag glanadh na súl. Pádraig Mac Fhionntaigh, Oileán Thoraí. Mná Caointe in Inis Bó Finne Bhí bean ar an oileán agus mhothóinn iomrá uirthi, ó, maram go raibh sí muinteartha do mo mháthair mhór a dtabharfadh siad Beití uirthi, Beathóg Ní Bhriain a bhéarfadh siad uirthi. Sin an bhean a bhí istigh ar an oileán ag caoineadh an mhuintir a bheadh marbhadh. Sin an nós a bhí ann agus déarfadh siad go mothódh siad; tá áit thoir ansin a bhfuil Garradh na Saileoige air agus mhothódh siad an caoineadh ansin…Beathóg Ní Bhriain, cé bith cé a thiocfadh ina háit nuair a d'imigh sí sin, níl a fhios agam…Istigh againne, chan áit mhór atá ann, cha bheadh ann ach an duine amháin… Bheadh an duine amháin sin pioctha. Is é an rud a bhí ann go raibh tú suppose áilte a ghabháil fríd thine Phurgadóir istigh eatarthu… Ansin, cé bith fhad is bheifeá fríd thine Phurgadóir ansin, rachfá suas 'na bhFlaithis. Sin an creideamh a bhí acu. Pádraig Ó Colla, Inis Bó Finne. Baile Thiar, Toraigh, c 1940. Cros Mhíobhaigh i reilig Mhíobhaigh, Ros Goill.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3