Ceannóga agus Coinlíní
An Paidrín i dTeach na Faire Dá mbeadh duine ag fáil bháis, déarfaí an Paidrín agus bhí siad cinnte cúig paidreacha, cúig Áivé Mairia, an Mhaighdean Mhuire agus a chuid aingle ag gabháil roimhe gheaftaí na bhFlaithis. Bhí sin i gcónaí sa Phaidrín acu ins an tsean-am. Bhí, dá mbeadh duine ag fáil bháis, bheadh siad ag croitheadh an uisce choisricthe agus ag urnaí fána choinne. Thug mé féin amach an Paidrín i dteach amháin oíche amháin a fuair duine bás…Bhíodh ofráil ann. Dá mbeifeá muinteartha ag duine, dhíolfá leathchoróin agus, mura mbeadh, scilling a dhíolfá ach thógfaí an ofráil ag an altóir i gcónaí. Tharlaigh sin ins an tsean-am i mbliain an ghorta – an t-am a gheobhadh duine bás fán teach, bheadh collection beag, cruinniú beag airgid ann agus bhéarfaí don té a raibh an tórramh aige. I ndiaidh tamalt mar sin, rinne siad amach gur chóir don tsagart é a fháil agus tosaigh siad á thabhairt don tsagart. Bhí ofráil ins an áit seo go dtí thart fá 1968. Stad sé ansin. Eoghan Mac an Bháird, An tÉadan Anfach. Scéal faoi Chleamhnas Bhí boc eile ann áit thíos anseo i nDoire Chasáin, ó, tá seo fíor. Bhí súil aige ar chailín fosta agus d'imigh sé agus fuair sé buidéal uisce beatha nó buidéal biotáilte. Is dóiche go mb'fhéidir gur poitín a bhí ann, idir muid féin. Agus, thug sé leis comharsanach agus chuir sé amach gloine d'fhear an toighe agus chuir sé amach gloine don fhianaise agus chuir sé amach gloine dó féin. Agus, nuair a thóg sé an gloine leis an chailín seo a iarraidh ar fhear an toighe, cé bith caidé a tháinig air, rinneadh stanaire de – chaill sé an chaint. Cha dtiocfadh leis labhairt agus an fhianaise a bhí leis, caithfidh sé gur boc a bhí annsan, an fhianaise, lig sé achan scread amach as. D'iarr sé an cailín dó féin. Fuair sé í agus phós sé í agus d'fhág sé an boc eile ina shuí ansin gan focal as, chaill sé an chaint. Proinsí Mac Giolla Bhríghde, Cluain tSaileach. Scáthlán in aice le Baile na nGallóglach sna 1860í.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3