Ceannóga agus Coinlíní

An Nádúr Oíche na Gaoithe Móire, 1895 Bhí an-séideán gaoithe ann tráthnóna agus bhí fear thiar ansin i mBaile na Finne agus bhí barra aige agus bhí sé ag cartadh an bhóithigh tráthnóna. Thug sé ar shiúl an t-aoileach a bhí sa bhóitheach leis an bharra. Tháinig sé ar ais agus d'fhág sé an barra ar an tsráid ach d'éirigh an ghaoth agus chuaigh an fear isteach chun toighe é féin. Chuaigh an fear isteach chun toighe é féin agus mhothaigh sé rud inteacht ag bualadh an dorais. Chuaigh sé síos go bhfeicfeadh sé caidé a bhí ann, an tormán mill- teanach a bhí ann, caidé a bhí ann ach an barra. Thóg an ghaoth an barra, caithfidh sé gur thóg sí an barra agus bhuail sí in éadan an dorais é, agus sin a mhothaigh mé fán ghaoth sin. James Ó Dochartaigh, Béal an Átha Móir. An Fiach Dubh Tá an fiach dubh ina chónaí i nGob Faoi Chnoc ansin agus tá mise ag déanamh go dtabharfadh siad saol fada leofa. Nuair a bhí mise i mo ghasúr, bhí siad ansin ach níl mé ag rá gur sin an mhuintir atá ann anois agus raven an t-ainm ceart atá orthu. Deireann siad go bhfuil tuigbheáil ag an raven an dóigh chéanna a bhfuil ag an duine. Tá sin ráite…Agus ag tús February , beidh siad suas ansin agus tosóidh siad ag piocadh smutáin agus á gcur in airde ar bhruaigh fá choinne triomú agus dá bhfeicfeá thusa an meáchan de smután a bhéarfas siadsan leo síos go dtí na beanna. Iad ag déanamh nead. Éan mór, i bhfad níos mó ná préachán. De dhream an phréacháin é ach tá sé níos duibhe Joe Mac Suibhne, Faoi Chnoc, Cnoc Fola. Gabháltais bheaga fá cheantar Chloich Cheann Fhaola sna 1960í.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3