Ceannóga agus Coinlíní

Comharthaí Aimsire Tá mórán comharthaí aimsire ann…Má amharcann tú ar an ghrian, má tá an loinnir ar na cnoic nó má tchí tú na cnoic i ndeas duit…tá fearthainn ag teacht tobann. An dóigh chéanna leis an uisce, má tá an t-uisce dorcha sa loch nó san abhainn, níl uair mhaith ar bith ag teacht… an-droch-chomhartha. Féar, fosta, má tá sé le feiceáil glas, na léantraí le feiceáil an-ghlas…In am ar bith sa lá, má tá sé an-ghlas le feiceáil – droch-chomhartha…Má tchí tú madadh ag ithe féir – droch-chomhartha. Na caoirigh fosta – má tá an aimsir maith, ardóidh na caoirigh suas i mullach an chnoic tráthnóna…an t-eallach an dóigh chéanna, rachadh an t-eallach ar foscadh. Agus an cat, má chuireann an cat a chúl leis an tine – tá sin go dona. Comharthaí eile, an fharraige…má tchí tú na bealaí bána san fharraige – bealaí bána a bhéarfadh an seanbhunadh orthu, tá sé go han-olc. Shílfeá gur bealaí atá fríd an fharraige…Éanacha na farraige fosta, tiocfaidh siad isteach agus beidh siad ag piocadh péiste agus chuile shórt ar an talamh. An fháinleog fosta, má tá sise ag eitilt ródheas don talamh…Dóigh chéanna an doras, má tá sé foscailte agus má dhruideann sé – comhartha an-doineanta. Séamus Mac Giolla Chearra, An Srath Buí. Ainmneacha na gCnoc Na cnoic sin thall, chuirfí i gcónaí na caoirigh orthu anonn sa tsamhradh agus bhí a ainm féin ar achan chnoc. Amuigh thiar anseo, bhí áit a dtugtar Carnaween air, Cruach an Airgid ansin agus bhí Loch an Airgid ann. Thall ansin, bhí cnoc beag eile. Bhí ainmneacha ag na feirmeoirí uilig ar ghiotaí beaga de na cnoic. Thall anseo, bhí Cnoc Feadáin, giota beag taobh thoir de sin ansin, bhí Sruthán Mhín an Easáin, giota eile ansin, bhí na Beanna Beaga, giota eile, bhí na Beanna Móra. Giota beag eile, bhí an Sruthán Bán, giota beag eile, bhí Corraidh an Aoil agus na Bothógaí, agus giota eile ansin, bhí Binn Mhór Choinn. Dá mbeadh feirmeoir a raibh caoirigh caillte aige ag fiafraí d'fhear eile an bhfaca sé áit ar bith iad, déarfadh sé, "chonaic mé ag an tSruthán Bhán iad." Agus ar Chruach an Bhogaigh, an cnoc mór sin thall atá anonn os ár gcoinne, agus ar chúl an chnoic sin, bhí scáthlán beag, an áit a mbíodh sagairt ag léamh aifrinn in am na ndrochdhlíthe...Chonaic mé scáthlán beag, leac bheag bhídeach amach ó thaobh an chnoic. Eoghan Mac an Bháird, An tÉadan Anfach. Néalta sa Spéir Níl aon néal a bhfeicfí sa spéir nach raibh siad ábalta beartaíocht a bhaint amach as. Is cuma cá háit a n-éireodh néal sa spéir ar chor ar bith, thiar nó thoir, bhí a fhios acu cén aird gaoithe a bhí ag gabháil a bheith ann. Jimeile Ó Fearraigh, Inis Bó Finne. Ag tiomáint na mbó i nDún Lúiche, c 1890.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3