Ceannóga agus Coinlíní
Cúrsaí Easláinte agus Leighis Leigheas ar Sceadamán Frithir Bhí leigheas acu in am amháin ar sceadamán frithir. Ba é an rud, dá mbeadh sceadamán frithir ort fad ó shin, ní bheifeá ag gabháil ag an dochtúir fá choinne tablets a fháil! Ach, bhí leigheas acu agus is cuimhneach liomsa nuair a bhí muid inár bpáistí, shuífeá ar stól beag íseal, stól beag íseal a bheadh ann ar ndóigh ag páiste, agus thiocfadh duine inteacht agus chuirfeadh sé a dhá lámh mar sin ar d'aghaidh agus déarfadh sé "An leonadh é seo? Ní hea, ach gortú. An gortú é seo? Ní hea, ach leonadh." Rud inteacht mar sin a déarfadh sé agus bhíodh sé ag cuimilt suas ar do dhá phluc agus bhí sé ábalta tú a leigheas, agus an bhfuil a fhios agat caidé mar a thug siad ar an sceadamán frithir an t-am sin? Seile seáin. Sin leigheas na seile seáin. Máire Uí Cheallaigh, An Coimín, An Clochán. Snaidhm na Péiste Bhí seanduine anseo lá amháin agus bhí sé thuas ansin agus bhí giota den tsnáithe mar sin caite ar an suíochán sin thuas an áit a raibh mise ag cniotáil – bhris mé é, bhí sé rófhada agus thosaigh sé ag footer áil leis agus d'fhia- fraigh mise de caidé a bhí sé a dhéanamh agus d'inis sé domh go raibh sé ag déanamh snaidhm na bpéistí agus sin an fear ar fhoghlaim mise snaidhm na bpéistí uaidh an lá sin agus sin an dóigh a bhfuil sin agam ó shin. Chuir sé snaidhm ar an tsnáithe agus chuir sé an darna snaidhm air agus caithfidh tú é a choinneáil ins an lámh chlé agus caithfidh tú na snaidhmeanna a chur air le do lámh dheas agus ansin nuair a bheas sé déanta ar dóigh agatsa, tiocfaidh sé amach agus ní bheidh cnap ar bith air…Ach, caithfidh tú coinneáilt leis, an dtuigeann tú…Ar dhuine nó ar ainmhí, rud ar bith a mbeadh casadh ina phutóg…ansin bheir seo ar ais é…Is iomaí ainmhí a dtearn mise leofa é…Ó, oibríonn sé gan mhoill, nuair amháin a ní tú é – i dtrátha uair ina dhiaidh, bíonn an beathach go maith…Dé do Bheatha, a Mhuire…déarfaidh tú sin, an phaidir sin trí huaire – dhéanfaidh tú seo trí huaire thar an ainmhí fosta agus achan uair a dhéanfaidh tú sin, caithfidh tú an phaidir a rá. Mary Browne, Mín Ghiolla Charraigh. An bhanaltra Loughrey i Málainn Mhóir, c 1905. An bhanaltra Brady in Anagaire, c 1905.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3