Ceannóga agus Coinlíní
An Bhruitíneach Bhí siad ag rá go raibh luibh ann fá choinne rudaí a leigheas, luibh fá choinne achan rud a leigheas. Bhí luibh inteacht fá choinne casachtach…bhruithfí é. Agus, bhí cúlfáith… bhí leigheas ansin fá choinne an bhruitíneach. Tá cuimhne agamsa an bhruitíneach a bheith orainne agus bhí mo mháthair ag bruith cúlfáith agus á thabhairt dúinn le hól fríd bhainne… Thabharfadh sé amach an bhruitíneach ort – thiocfadh sé amach ina rash, an bhfuil a fhios agat, agus nuair amháin a thiocfadh sé amach, bhí tú ag bisiú. Bhí an-tinneas leis an bhruitíneach fosta. Seán Mac an Bhaird, Loch Fhia. An Báchrán Tá daoine go dtí an lá atá inniu ann ag gabháil don bháchrán. Tá sin istigh ann loch, cosúil le scraith loinge de rud…Tá cuid mhór rútaí air. Duine ar bith anois nach mbeadh cleachtaithe leis an bháchrán, piocfar an báchrán suas tús na bliana sa Mhárta i gcónaí fá choinne do chuid fola – tá do chuid fola in ísle brí an t-am sin agus ní bhíonn tú go maith ar dhóigh inteacht. D'ólfadh siad i gcónaí sa Mhárta an báchrán agus chuirfí gráinnín beag de chloch aoil ann. Thiocfadh roimhe seo carr asail nó carr beithígh anuas as Loch an Iúir fá choinne na dtithe a mhaisiú taobh istigh. Bhí áithe ag taobh achan teach, dhófaí an t-aol, na clocha aoil istigh san áithe. Thógfaí amach an t-aol agus dhéanfaí na tithe a mhaisiú taobh istigh agus taobh amuigh, na bóithigh, an áit a raibh na ba, na cearca agus achan rud eile. Chaithfí an t-aol thart air sin fosta fá choinne aicídeacha a mharú – bhí sé maith fá choinne marú aicídeacha… Chaithfeá an chloch a chur isteach sa tine agus b'fhéidir dódh a thabhairt cúpla uair dithe agus í a thógáilt amach – giota beag bídeach, ní thiocfadh leat barraíocht aoil a chur ann nó bhéarfadh sé drochbhail ar do chár, bheadh do chár seargtha ina dhiaidh…Tá sé deacair a ól cinnte, ach éiríonn tú cleachtaithe leis. Ba ghnách leo tréacal, liocras bál agus siúchra bán a chur fríd fosta…B'éigean dúinn uilig é a ól roimhe seo. Margaret Chití Ní Bhaoill, An Seascann Beag. An bhanaltra Kavanagh in Árainn Mhór, c 1905.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3