Ceannóga agus Coinlíní

Am agus Féilte Oíche Fhéile Bríde Bhuel, dá mbeadh Bríd sa teach, chaithfeadh Bríd a ghabháil amach ach mura raibh Bríd ann, dhéanfadh bean ar bith gnóithe. Agus rachadh siad thart ar an teach…Tá tú suppose áilte a ghabháil thart trí huaire. An chéad uair, rachaidh tú thart, caithfidh tú a ghabháil thart uilig go léir ar an teach agus déarfaidh tusa "gabhaigí ar bhur nglúine agus fosclaigí bhur súile," seo leis an mhuintir atá istigh, tá siad suppose áilte uilig a bheith ar a nglúine, "gabhaigí ar bhur nglúine agus fosclaígí bhur súile agus ligigí isteach Bríd." … Déarfaidh siadsan istigh ag tabhairt freagra ort "sé beatha, sé beatha, sé beatha." Déarfaidh tú sin trí huaire, rachaidh tú thart an darna huair agus déarfaidh tú an rud céanna ag an doras toiseach agus thart an tríú huair agus déarfaidh tú, rachaidh tú ar do ghlúine agus déarfaidh tú an rud céanna arís, "gabhaigí ar bhur nglúine agus fosclaigí bhur súile agus ligigí isteach Bríd Bheannaithe" agus déarfaidh an mhuintir atá istigh ar a nglúine ag tabhairt freagra ort "sé beatha, sé beatha, sé beatha na mná uaisle." Agus ansin…fágfaidh tú amuigh bratóg, beidh sé leat thart ar an teach, fágfaidh tú amuigh go maidin é. Ansin bhéarfaidh tú isteach lá arna mhárach arís é…agus sábhálann sé tú ar, ar toirneach agus ar tubaistí agus ar rudaí mar sin. Sarah Eddie Nic Aoidh, Rann na Feirste. Míonna na Bliana Márta…thriomódh sé suas an talamh, bhéar- fadh muid ruaiteacht an Mhárta air, i ndiaidh bhoglach an gheimhridh agus nimh na bhfaoilleach…Ansin, tig an tAibreán. Bhuel, aimsir thaghdach aimsir an Aibreáin. Thig leat lá maith a fháil agus lá olc a fháil. Ar ndóighe, bhí na seandaoine ag rá gur dhúirt Naomh Bríd, sin Lá Fhéile Bríde, "darna achan lá ó mo lása amach", lá maith agus lá olc, agus gur dhúirt Naomh Pádraig, "achan lá ó mo lása amach." …ach ní raibh Bríd ná Pádraig ceart…Tig cuid mhór rudaí i mí an Aibreáin. I ndeireadh mhí an Aibreáin, tig na laetha seo…scairbhe na cuaiche i mí an Aibreáin – sin aimsir gharbh; agus tig laetha 'lomfar an loin'…bainfear na cleiteacha dithe agus imíonn sí leis an aimsir. Tig na laetha sin uilig go léir i mí an Aibreáin agus ansin tig an Bhealtaine – screig na Bealtaine agus chóir a bheith go bhfuil tú cinnte de sin a theacht achan bhliain. Is cuma caidé chomh maith leis an aimsir, tiocfaidh screig, agus thig leis an screig a theacht luath i mí na Bealtaine agus thig léithe a ghabháil amach go deireadh mhí na Bealtaine…ach tiocfaidh sí agus go minic bíonn clocha shneachta le screig na Bealtaine… Seán Ó Duibheannaigh, Carraig an Choill. Sampla de chrosóg Bhríde as Ros Goill. Tobar an Dúin in aice le Cill Mhic Réanáin.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3