Ceannóga agus Coinlíní
Oíche Bhealtaine Rud eile a níodh siad a dhéanamh Oíche Bhealtaine, ba ghnách leofa slatacha a bhaint de chaorthann agus chuirfeadh siad ceann ins an charn aoiligh agus chuirfeadh siad ceann os cionn dhoras an bhóithigh. Chonaic mé sin dá dhéanamh acu. Gracie Mhic Gloinn, An tArd Leathan. Turas Naomh Conall …sin Naomh Conall, an áit a bhfuil an tobar, an tobar beannaithe…Tá mise ag déanamh anois go raibh Naomh Conall, go raibh sé ar shiúl ar seachrán, ar a sheachrán. Ní raibh a fhios aige cén bealach a rachadh sé agus bhí sé ag siúl leis ar fad go dtí go dtáinig sé go dtí an áit seo cóngarach den fharraige. Agus, chuaigh sé isteach san áit bheag seo ansin agus d'fhág sé lorg a dhá uillinn agus a ghlúine ann…istigh sa leac. Ach, níl ansin anois ach uillinn amháin agus anois tá an uillinn eile thiar ar an Fhearthainn, amuigh ar an oileán agus tá altóir bheag fosta ann…Tá crann ann agus anois níl deilg ar bith ar an chrann…Bíonn cuid mhór daoine anois thíos ann. Sa tsamhradh a bhíonn daoine ann…Chuala mé daoine a leigheas…na faithní ar na méara acu…Nífeá na lámha ann… Tá turas ann fosta…An chéad uair faigheann tú seacht, clocha beaga agus deireann tú seacht ndeichniúr den Phaidrín agus le achan deich- niúr, caithfidh tú isteach cloch…caithfidh tú isteach thart fán tobar é…Téann tú thart ar an tobar trí huaire. Ansin, ag an dá ghlúin ansin déarfaidh tú cúig paidreacha, cúig Áivé Máire agus Cré agus ag an altóir ansin déarfaidh tú seacht bpaidreacha agus seacht Áivé Máire agus Cré…Théid an chuid is mó síos ar laetha saoire…cosúil leis an chúigiú lá déag san fhómhar, saoire na Maighdine Muire… Nellie Ní Gaoithin, Doire Leac Chonaill. Altóir Naomh Conall ar Inis Caoil.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3