Ceannóga agus Coinlíní
Nósanna agus Piseoga Piseoga faoin Bhainne Má théid tú isteach i dteach, a deir siad, agus iad ag bualadh bainne, caithfidh tusa bualadh fosta sula dtéigh tú amach nó níl sé sábháilte, nó níl sé lucky áilte nó cé bith atá ann mura nglacann tusa páirt ann fosta agus chaithfeá sin a dhéanamh. Déarfadh siad dá dtiocfá tusa isteach nó duine inteacht isteach agus rachfá amach agus mura gcuirfeá do lámh ar an chuinneog agus cúpla buille a dhéanamh nach mbeadh im ar bith air, nach mbeadh im ar bith ar an bhainne…Tá sé an dóigh chéanna, cha mbeadh bainne b'fhéidir agamsa…ach bhéarfadh duine inteacht bainne domh…ach, chuirfeadh siad pinch salainn air sula ligfeadh siad amach ar an doras thú féin agus an bainne mar mura mbeadh an salann air bhí siad ag rá go mbainfí duit é. Bhí fear amháin suppose áilte go dteachaigh sé amach as teach inteacht agus thug bean an tí buidéal bainne dó agus nuair a land áil sé sa bhaile cha raibh aon deoir bhainne sa bhuidéal. Tháinig na boic bheaga nó rud inteacht – na siógaí air…Mura ndéarfá "ádh mór ar do chuid oibre" cha mbeadh im ar bith ar an bhainne, a déarfadh siad. Máire Ní Churráin, Mín na Craoibhe, An Eala agus an Bás …agus ansin, Dia ár sábháil, nuair a thiocfadh an t-eala isteach. Thiocfadh an t-eala agus luífeadh sí ar loch agus ní fhágfadh sí an loch go dtí go bhfaigheadh duine inteacht bás. Comhartha go raibh duine inteacht ag gabháil a fháil bháis… Bhí sagart thuas anseo in Anagaire agus ar ndóighe, bhí sé iontach greannmhar…"Tá mé ag imeacht ar laetha saoire," arsa seisean. "Ó, Dia ár sábhail," arsa duine inteacht leis, "má fhaigheann aon duine bás, gheobhaidh sé bás gan sagart!" "Ó, ní bhfaighidh aon duine bás go dtara mé ar ais," ar seisean. "Bhí mé ag caint lena leithéid seo d'fhear, fear inteacht de dheas do theach pobail agus deir sé nach bhfuil cuma ar an eala go bhfuil sí ag teacht ar chor ar bith anois. So, beidh mé ar ais sula dtara an eala," ar seisean. Thug an sagart féin, má b'fhíor dó féin, isteach dó. Seán Ó Duibheannaigh, Carraig an Choill. Comharthaí Báis Bhí cúpla bád ann. Bhí bád as Machaire Rabhartaigh ann agus bhí siad ag gabháil amach a dh'iascaireacht, bhí siad ag iomramh agus cé a bhí ag iomramh suas taobh thiar daofa ach iad féin. Bhí bád de chuid an oileáin ansin, bhí siadsan ag teacht amach fosta agus cé a bhí ag iomramh taobh thiar daofa ach iad féin. Bhí bád de chuid Thoraí, motorboat , ag gabháil a dh'iascaireacht bradán, cé a phass áil iad ach iad féin. Chuaigh siad fhad leis an sagart fá dtaobh de agus dúirt seisean leo gan a ghabháil a dh'iascaireacht go cionn seacht mbliana agus cha dteachaigh siad a dh'iasc- aireacht go cionn seacht mbliana. Dinny Hughie Ó Colla, Inis Bó Finne. Tairngreacht faoin Mhuc Dhubh Go dtiocfadh 'an mhuc dhubh' isteach an gap agus 'cóiste gan beathach' – thiocfadh sé isteach Mín an Doire. Cha raibh bealach ar bith isteach fríd an ghap roimhe seo, bhí sé uilig ag teacht isteach fríd Mhín an Lábáin agus anuas an bealach seo i bhfad ó shin. Sin a raibh de bhealach mór ann. 'An mhuc dhubh' a thug siad ar an traein; agus 'cóiste gan beathach', cha raibh a fhios acu caidé an dóigh a dtiocfadh le cóiste a ghabháil gan beathach roimhe seo – is é an motorcar a bhí ann. Thiocfadh sé isteach Mín an Doire – sin a raibh de bhealach mór ann – cha raibh mórán bealtaí móra ann an t-am sin ach oiread. Cha raibh siad rómhaith. Antoin Dan Ó Domhnaill, Coill Darach. ‘An Mhuc Dhubh’ in Ailt an Chorráin fadó.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3