Ceannóga agus Coinlíní
An Drochamharc Ag caint ar na mná a raibh an drochamharc acu…Bhí siad ag rá go raibh, bhuel, bhí mná agus fir a raibh drochamharc acu…Bhí. Daoine a mbeadh drochamharc acu nach mbeadh ádh ar bith, bhí sé, ní fhaca mise duine ar bith acu nó go dtiocfadh liom, ach mhothaigh mé daoine ag caint orthu. Rud ar bith nach mbeannódh siad nach mbeadh ádh ar bith air i ndiaidh iad a bheith ann. Macasamhail daoine a rachadh fhad le bóitheach ansin a bheadh lán eallaigh agus ní bheannódh siad iad, cuid acu…déarfadh siad "go rathaí Dia is Muire do stoc." Agus daoine eile ansin nach ndéarfadh dadaí, maram go raibh drochmhianach iontu sin… Gracie Mhic Gloinn, An tArd Leathan. Tairngreachtaí Dhónaill a' Chinn Cuid de na rudaí a dúirt sé atá i gcuimhne na ndaoine go fóill: go mbeadh cóistí gan capaill ar na bealtaí móra agus go mbeadh an coileach ag glaoch sa domhan thoir agus go gcluinfeadh an domhan uilig é. Go mbeadh cogadh ar talamh, faoin fharraige, faoin talamh agus san aer agus bhí giota beag eile ansin aige: "Sa cheathrú bliain déag, beidh oracaí ag snámh ar broinn agus an cúigiú bliain déag…an seiseadh bliain déag, beidh Éire dearg le fuil agus an seachtú bliain déag, beidh na príosúin lán le daoine gan choir agus an t-ochtú bliain déag, mo léan cá ndeachaigh na fir?" Agus, déarfadh daoine gur tairngreacht ar an Chéad Chogadh Mhór a bhí ansin. Cathal Mac Loingsigh, Cill Ráin, An Clochán. Mallachtaí Tá cuimhne agamsa ar bhean a bhí ar an bhaile seo agus ba ghnách léithe mallachtaí a chur ar dhuine ar bith a dhéanfadh dadaí uirthi, agus leabhra má chuir, thit siad orthu. Rachadh sí amach agus paidrín léithe agus bhí carraig mhór amuigh i lár an chuibhrinn agus rachadh sí ar a dhá ghlúin ag an charraig ag iarraidh na mallachtaí sin titim ar an duine seo má rinne sé dadaí olc uirthi agus thitfeadh siad air… thiocfadh rud inteacht orthu. Ó, a Dhia níl na mallachtaí maith…Deir siad go dtiocfaidh a thrian ar ais ort féin agus titfidh trian ar an té ar thug tú é, iad fána choinne. Déarfaidh muid dá n-iarrfainnse mallachtaí duitse anois, thiocfadh trian de ortsa, agus thitfeadh trian eile ar na crainn, agus thitfeadh an tríú trian ort féin agus ar do bhunadh. Mary Browne, Mín Ghiolla Charraigh. Cromleac i gCloich Cheann Fhaola.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3