Ceannóga agus Coinlíní

An tOsnádúr An Mhaighdean Mhara An mhaighdean mhara, bhuel, níor ghnách liomsa creidbheáil go raibh a leithéid de rud ann but mhothóinn m'athair ag caint go minic nuair a bhí sé féin amuigh ag iascaireacht. Ba ghnách liom féin a bheith ag iascaireacht, an bhfuil a fhios agat. Ach an cineál duine a bhí ann, d'inseodh sé oiread rudaí agus ní raibh a fhios agat cé acu a raibh sé ag inse an fhírinne. Is iomaí uair a chonaic siad an mhaighdean mhara, léimfeadh sí aníos roimh an bhád ach " by godda " a dúirt sé, "cha dtug sí ariamh ormsa pilleadh." Is dúirt mise "cad tuige a mbeadh sibh ag pilleadh?" "Tá" a dúirt sé, "bhí lear mór bádaí" a dúirt sé, "agus dá bhfeicfeadh siad an mhaighdean mhara, dúirt siad gur droch sign a bhí ann, go raibh an bád le cailleadh an oíche sin, dá n-éireodh sí aníos romhat." Dá n-éireodh an mhaighdean mhara romhat agus tú ar an bhealach amach a dh'iascaireacht, ba ghnách le lear mór de na bádaí pilleadh. Sin anois a mhothaigh mise fán mhaighdean mhara, go raibh sí, caill a bhí inti. Nuair a chífeá an mhaighdean mhara go raibh caill ag gabháil… agus ba chóir duit pilleadh. Nóra John Ní Dhuibhir, Ard na gCeapairí. Scéal Sí Seo scéal agus tá sé iontach deacair a chreidbheáil. Creidim go mbeinn thart ar seacht, idir seacht agus ocht mbliana agus bhí an t-eallach thíos ar an chaorán againn. Ó, bhí siad ag cúpla teaghlach thart anseo, bheadh an t-eallach thíos ar an chaorán, ach thart ar a seacht nó leath i ndiaidh a seacht tráthnóna, síos fá choinne an eallaigh agus mise ag gabháil síos agus tá tobar thíos ansin fá ghiota den loch agus nuair a bhí mé taobh an tobair, mhothaigh mé an tseinm. D'éist mé agus chuaigh mé anonn giota eile agus bhí carraig ansin agus bhí crann cuilinn ag fás amach as an charraig agus de réir mo bharúilse de ba sin an áit a raibh an tseinm ag teacht amach as. Bhain mise an baile amach, scaraigh mise agus d'inis mé do bhunadh an toighe ach ní éistfí liom – cuireadh ar shiúl ar ais mé agus ó leoga bhí mo sháith eagla ormsa ag gabháil thart ansin fá ghiota den chrann sin ach níor mhothaigh mise an tseinm ní ba mhó… Bhí sé galánta, chomh deas agus chuala mise ariamh agus ní bheadh a fhios agat caidé sórt ceoil a bhí ann, cé acu fidil nó caidé sórt a bhí ann. Padaí Bán Mac Ruadhraí, Leitir Catha. An Dóigh le labhairt le Taibhse Bhuel, bhí dóigh, d'inseodh sí dóigh fosta a dtiocfadh leat labhairt le, cur i gcás go raibh taibhse fán áit agus bheadh sé, bheadh daoine á fheiceáil agus cha raibh a fhios caidé an trioblóid a bhí aige agus déarfadh sise go raibh dóigh le labhairt leis an taibhse seo – le fáil amach caidé a bhí ag cur bhuaireamh air. Agus déarfadh sí gurbh é an dóigh a ndéanfá sin, dhéanfá circle mór cruinn. Agus rachfá féin isteach ansin agus déarfá leis, bhí dóigh le labhairt leis an mharbhánach agus déarfá "cuirim ceist ort in ainm Íosa, bé duine saolta tú nó gil?" Sin an t-ainm a bhéarfadh siad ar dhuine a thiocfadh ón tsaol eile – gil. "Cuirim ceist ort in ainm Íosa" a déarfadh sí, "an bé duine saolta tú nó gil, nó cá fhad ó d'fhág tú an saol seo?" Bhuel, nuair a mhothaigh, nuair a chluinfeadh an, cé bith cé a bhí ina thaibhse é sin, thiocfadh sé a chomhrá leat agus d'inseodh sé duit caidé a bhí a dhíobháil air. Agus ansin chuirfí dóigh air sin agus ní thiocfadh sé níos mó agus déarfadh sí an rud céanna fá dtaobh de, cuir i gcás, b'fhéidir go raibh fear, go raibh sé ag gabháil a phósadh girseach agus thug sé fáinne dithe agus ansin fuair sé bás agus go mbeadh sé ag teacht ar ais agus is é an tuige a mbeadh sé ag teacht ar ais, fá choinne an fháinne a fháil agus is é an dóigh a ndéarfadh sise é, dá dtabharfá an fáinne dó, gheofá slat shaileoige agus bhainfeá an craiceann uilig de shlat na saileoige agus chuirfeá an fáinne isteach ar shlat na saileoige agus shínfeá dó é. Sin an dóigh a n-inseodh sise caidé an dóigh a bhfaighfeá réitithe don té a bhí ag déanamh na taibhseoireachta. Joe Johnny Mac Suibhne, Bun na Leaca.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3