Ceannóga agus Coinlíní

Cailleacha Gallda agus Oíche Bhealtaine Cailleacha gallda a bhéarfadh siad orthu. Bhí siad i bhfostú leis na sióga fosta. Ach, bhí siad in ainm bainne a tharraingt ua bha sa chomhar- sanacht, an bhfuil a fhios agat. Bhí cailleach ghallda ina cónaí thoir ansin faoin bhealach mhór agus chuaigh sí amach tráth- nóna amháin a bhaint bainne – d'athraigh sí isteach ina giorria. Chuaigh sí amach a bhaint bainne de bhó na comharsan ar scor ar bith agus nach bhfaca an fear í. Chonaic sé an giorria ag teacht agus ag gabháil fhad leis an bhó a bhaint bainne den bhó. D'imigh sé agus…rinne sé réidh fána coinne an dara lá a thiocfadh sí…agus fuair sé píosa airgid agus chuir sé isteach sa ghunna é agus chonaic sé an giorria ag teacht agus scaoil sé leis an ghiorria. Chonaic sé an giorria ag imeacht…rith sé féin ina dhiaidh…go dtí go dteachaigh sé fhad leis an teach agus bhí an chailleach ghallda istigh sa choirnéal agus a cos briste. Bíodh sin fíor nó bréagach, níl a fhios agam… Cailleacha gallda, ní raibh creideamh ar bith acu is cosúil…Is cuimhneach liomsa an t-am, oíche Bhealtaine i gcónaí, chaithfí slatacha a chaitheamh thart ar an charn aoiligh agus achan sórt le hádh a thabhairt ar an talamh… James Ó Dochartaigh, Béal an Átha Móir. An Diabhal i bhfoirm Duine Bhí fear ann san áit seo am amháin agus ní raibh uaigneas ar bith air; bhíodh sé ar shiúl leis achan áit, an bhfuil a fhios agat, ar shiúl leis go maidin agus bhí sé ag ráit go raibh a leithéid de rud agus taibhse ann. Ach, bhí sé amuigh in áit an-uaigneach oíche amháin agus níor mhothaigh sé ariamh go raibh fear mór ard ag siúl lena thaobh. Bhreathnaigh sé síos ar na cosa aige agus thug sé fá dear go raibh cosa mar chapaill air. Cosa cruinne air agus rinne sé amach gurbh é an Diabhal a bhí ann…D'iarr sé air imeacht ach níor imigh. Mhothaigh sé i gcónaí nuair a dhéanfadh an coileach trí scairt; nuair a dhéanfadh coileach Márta trí scairt agus dá mbeadh an Diabhal áit ar bith go gcaith- feadh sé imeacht. Shiúil sé leis agus ní raibh sé ábalta fáil réitithe leis an Diabhal agus sa deireadh tháinig siad fhad le háit inteacht agus rinne coileach scairt agus dúirt an fear, "imigh", a deir sé, "bí ar shiúl, sin scairt an choiligh", a deir sé. "Ó", deir an Diabhal, deir sé "níl ansin ach éan bog samhraidh", a deir sé. Shiúil siad leofa agus nuair a fuair siad giota fada eile ansin, mhothaigh siad coileach eile ag scairtigh agus rinne sé sin trí scairt agus "imigh" a deir an fear, deir sé "sin scairt an choiligh". "Ó, caithfidh mé imeacht anois", a deir sé. "Sin é an coileach Márta", a deir sé. Coileach Márta, bhí sé aithriste go raibh difear idir coileach Márta agus fuair sé réitigh leis an bhoc ansin. Seán Mac an Bhaird, Mín an Bhéil. Árainn Mhór sna 1940í.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3