Ceannóga agus Coinlíní

Stairsheanchas Srath na bPáistí Bhuel, tá áit bheag ar na Cruacha go fóill, ní raibh sé i bhfad ón teach ar tógadh mé féin, síos díreach ón scoil, ar bhruach na habhna, tá oileán beag ansin ar a dtugtar Srath na bPáistí. Agus is é an scéal a chuala mise fá Srath na bPáistí ná gur cuireadh an fear seo agus a bhean agus triúr páistí amach as a gcuid, amach as cibé cineál talaimh a bhí acu ar an taobh eile de na cnoic agus gur tháinig siad agus gur chuir siad suas bothán beaga daofa féin ar an oileán bheag seo ar bhruach na habhna agus bhí siad ina gcónaí ansin. Agus ní raibh bia ar bith acu, théadh an fear amach achan lá ag cuartú bí agus thigeadh sé abhaile agus traidhfil beag inteacht leis. Théadh sé fríd na tithe, creidim, agus gheobhadh sé uibheacha b'fhéidir ansiúd agus gheobhadh sé giota beag aráin anseo agus thigeadh sé abhaile agus sin an rud a choinnigh ag gabháil iad ar feadh tamall fada. Ach sa deireadh fuair na triúr páistí bás, bás leis an ocras agus leis an leatrom agus chuir an fear ins an tsrath iad agus tá na trí huaigheanna beaga sin le feiceáil go fóill ar an tsrath agus tugtar Srath na bPáistí air. Tamall ina dhiaidh sin fuair an bhean bás, agus níor mhaith leis an fhear, níor mhaith leis an bhean a chur in talamh nach raibh coisricthe agus thóg sé an corp ar a dhroim agus shiúil sé leis siar ag tarraingt ar reilig na nGleanntach. B'fhada an giota é ó na Cruacha go dtí reilig na nGleanntach agus an fear bocht é féin, cineál ag fáil bháis leis an ocras agus chuaigh sé siar ar scor ar bith go dtí go dtáinig sé fhad leis an áit a dtugtar an Stucán air, áit atá ins an Stucán, cnoc ard atá ann nó bealach mór an-ard agus tá tú ábalta gleann na nGleanntach a fheiceáil uaidh agus tá tú ábalta na Cruacha soir uait a fheiceáil ann. Agus bhí sé ag déanamh scríste ansin agus shuífeadh sé tamall beag agus thógfadh sé an t-ualach ar a dhroim ar ais agus rachadh sé píosa beag eile agus ní bheadh sé giota ar bith agus shuífeadh sé síos ar ais agus dhéanfadh sé scríste agus bhí sé ag gabháil mar sin agus bhí sé ag gabháil síos an mhalaidh; bhí malaidh ansin agus bhí sé ag gabháil síos an mhalaidh agus bhí fear thall ar an Éadan, fear de mhuintir Challóige a chuala mé a bhí ann agus chonaic sé an fear agus chonaic sé go raibh drochdhóigh air agus go raibh sé ag iompar ualach inteacht ar a dhroim agus dar leis féin, "tiocfaidh mé amach ina araicis go bhfeicfidh mé caidé atá contráilte." Tháinig an fear sin ina araicis agus chonaic sé caidé mar a bhí agus thóg seisean an corp ar a dhroim agus shiúil an bheirt acu siar go dtí seanreilig an Ghleanna, taobh seo de na Gleanntaí agus chuir siad an bhean ansin agus chuaigh an fear ansin isteach i dteach na mbocht agus fuair sé bás i dteach na mbocht. Máire Uí Cheallaigh, An Coimín, An Clochán. Loch an Iúir sna Rosa.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3