Ceannóga agus Coinlíní

Blianta an Ghorta Mhóir Bhí daoine amuigh ansin agus tháinig a gcuid daoine muinteartha, a n-aithreacha, fríd an ghorta agus chonaic siad cuid d'am an ghorta, chonaic! Thart anseo, níor mhothaigh mé daoine ag fáil bháis leis an ghorta; bhí áit i Leitir Ceanainn ar ghnách leo rud beag a fháil le hithe, bhí! Agus ba ghnách leo a ghabháil ann. Ach, níor mhothaigh mé iomrá ar bith, dadaí, ach tá áit amuigh ansin ar an Dubhchró [Dúchoraidh] agus tá uaigh bheag ann…áit a bhfuil páistí beaga curtha agus caithfidh sé gur in am an ghorta a fuair siad bás. Eoghan Mac an Bháird, An tÉadan Anfach. Lá an Bhriste Mhóir San am sin bhí nós ag na mná a gcuid plátaí féin agus a gcuid rudaí féin a bheith leofa nuair a rachadh siad, nuair a phósfaí iad. So, bhí pláta ar an drisiúr agus an lá a gabhadh Wolfe Tone; leis an tormán a bhí amuigh thart fán Mheall Mhór, thit an pláta den drisiúr agus scoilteadh é. Tá an pláta sin, cha raibh sé briste anois, tá an pláta sin ag mo dheartháir go fóill agus sin 1798. Bhí an cogadh ag gabháil ar aghaidh an chuid is mó den lá idir, creidim an Meall Mór go dtí Cionn Mhálanna. Anonn agus anall, maram, agus sa deireadh gabhadh é. Caithfidh sé go raibh na gunnaí ag gabháil go mór san am. Éamonn Mac Giolla Bhríde, Na Dúnaibh. Díshealbhú in Ard na gCeapairí Tá a fhios agat féin nuair a bhíothar ag cur na daoine amach as a gcuid tithe beaga fad ó shin, cad chuige a rabhthar á gcur amach? Because , bhí orthu cíos a dhíol leis na tiarnaí talún, na tiarnaí talún sin a thiocfadh anall as Sasain nó anuas as uachtar Éireann agus chruinneodh siad a gcuid cíosa. Agus nach raibh sé cruaidh go maith nuair a chaithfeá cíos a dhíol le strainsé- irí? …bhí cuid mhór bochtanais ag gabháil nuair a bhí mo mhuintir ag éirí aníos! Agus ag amharc amach ar an fhuinneog romhainn anois, tá teach mo mhuintire le feiceáil go fóill ach dar ndóigh gur tógadh as an nuaidh cuid de agus go bhfuil díon sclátaí air anois agus teach muiríní a bhí ann an t-am sin. Ní raibh m'athair mór ábalta an cíos a dhíol agus dar ndóigh tháinig an sirriam á gcur amach agus bheadh lá millteanach ann an lá a mbeadh an sirriam ann agus land áil siad an lá seo cé bith, agus ag iar- raidh mo mhuintir, m'athair mór agus mo mháthair mhór agus bhuel, triúr nó ceathrar de theaghlach a bhí ann, á gcur amach…ach chru- innigh na comharsanaí, a thaisce, agus bean amháin, land áil sí cé bith, bhí sí ina cónaí dhá dhoras uathu cé bith, land áil sí agus citeal uisce the léithe cé bith agus nuair a bhí an sirriam agus a chuid boic ag bounce áil agus ag iarraidh an doras a bhriseadh anuas lena gcuid casúr, chuaigh sise suas ar dhréimire ar chúl an toighe agus citeal uisce the léithe agus dhoirt sí citeal an uisce ghalaigh anuas orthu agus, bhuel cé bith, an lá sin fuair sí díbrithe ar shiúl iad nó scalladh iad leis an uisce the… Annie John Uí Ghallchóir, Ard na gCeapairí. Beo bocht fadó. Fá Dhún Lúiche fadó.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3