Ceannóga agus Coinlíní

Seanchas Cráifeach Colm Cille Chuala muid cuid mhór rudaí fá dtaobh de Cholm Cille…Chuala mé daoine ag caint fán dóigh a raibh sé ábalta siúl trasna an locha – Loch Ghartáin. Agus, tá leac ar thaobh an bhealaigh mhóir… ansin – tá sé le feiceáilt. Sílim go bhfuil marc, cineál marc a chuid cos istigh ann…Is iomaí uair a chuala mé iad ag rá go raibh lorg a ghlúine sa leac sin agus sílim go bhfaca mé é sin mé féin am inteacht. Pádraig Ó Gallchóir, Gleann Domhain. Turas Cholm Cille Bhuel, thosófá ansin thiar i nGleann ar thaobh do láimhe deise ar an bharr a dtugann siad an Eochair air agus shiúlfá leat siar ansin agus siar chuig an teampall ghallda agus thiontófá; bhí tú ag meet áil le carnán agus rachfá thart fá dtaobh daofa is déarfá trí phaidir, trí Áivé Máire agus Glóir, agus ansin, thiontófá anonn Bíofáin agus bhí tuilleadh carnán ansin agus bhí leaba Cholm Cille ann. Bhí clocha istigh sa leaba, clocha cruinne, bhí siad ag ráit go raibh leigheasraí iontu agus chuirfeá thart trí huaire iad ar do chorp agus thart ar do cheann, chuimleofá ar do shúile iad go leigheasfaí iad. D'imeofá leat suas an cnoc ansin go hard go dtí Tobar Cholm Cille agus bhí tobar ansin. Chaithfeá trí chloch a iompar leat suas, nuair a bheifeá ag gabháil thart fá dtaobh de Thobar Cholm Cille, chaithfeá ceann amháin isteach achan uair a mbeifeá ag gabháil thart agus déarfá cúig paidreacha ansin. D'ólfá, b'fhéidir, braon den uisce agus d'fhágfá agus thiocfá anuas bealach beag eile agus an t-ainm a bhí ar an áit sin Malaidh na Cainte. Shiúlfá leat anuas agus thiocfá go dtí cloch, bhí sí ard agus bhí a croí gearrtha amach aisti agus d'amharcfá fríd an chroí seo agus déarfá an méid seo paidrí agus bhí tú suppose áilte na Flaithis a fheiceáil ach níor mhothaigh mé aon duine ariamh ag rá go bhfaca siad. Shiúlfá leat an chuid eile de go dtigfeá go dtí an áit a thosaigh tú agus bhainfeadh sé trí huaire an bhata duit sin a dhéanamh. Máire Ní Ícín, Mín na Croise. Na Mic Ua gCorra Ba mhaith le Colm Cille Críostaithe a dhéanamh de mhuintir Thoraí nó Págánaigh a bhí iontu san am a deir siad, ach ní raibh siad sásta é a ligeann i dtír. Dúirt siad go dtiocfadh leis seasacht ar chlaí ar chósta an oileáin, rinne sé sin, agus chaith sé a chlóca ar imeall an oileáin agus spréigh an clóca thart ar an oileán uilig, agus theith siad ansin ach an triúr seo, Tadhg, Úna agus Brian. Ghearr Colm Cille an Chros Chéasta orthu, agus rinne sé trí carraigeacha dóibh i mBéal Uaighe, chuir sé geasa orthu. Lá Bealtaine i gcionn achan seachtú bliain, bhéarfadh na carraigeacha iarraidh snámh arís go Toraigh i gcruth daoine, ach dá bhfeicfeadh súil shaolta iad, thiontódh siad isteach ina gclocha arís, agus chaithfeadh siad fanacht sa talamh a raibh siad ann go cionn seacht mbliana arís. Agus sin an rud a chas ann iad go fóill. Deirtear nach bhfuil ann ach beirt anois. Sílim gur Úna agus Tadhg a bheas ann nó níor fhóir beirt fhear agus bean amháin. Sarah Rua Nic Grianna, Rann na Feirste. Naomh Conall Rugadh amuigh in Inis Caoil é, taobh amuigh den Fhearthainn agus sílim nach raibh sé féin agus an t-athair ag tarraingt le chéile, an bhfuil a fhios agat? Ach, d'éirigh trioblóid idir an bheirt acu lá amháin agus thosaigh achrann ar scor ar bith. Insíodh dúinne, cé acu an bhfuil seo ceart nó contráilte, gur mharaigh Conall an t-athair. Bhí a fhios aige ansin go raibh caill mhillteanach déanta aige agus labhair glór leis. "Léim amach san fharraige," a deir sé "agus snámh cé bith cén fhad." Nuair a thug Conall iarraidh theacht ar ais ar tír mór, bhí beathach millteanach idir é féin agus tír mór agus ní raibh dadaí ag Conall le déanamh ach bualadh amach 'na farraige agus bhí an beathach ina dhiaidh. Deir siad go dtáinig Conall aníos Gaoth Beara agus gur shnámh sé fhad leis an áit a bhfuil turas Chonaill thíos ansin agus gur chaith sé lá agus bliain ina chodladh ansin agus nuair a mhuscail sé bhí nead na spideoige ar bhos a láimhe aige. Francie Ó Dubhgáin, Doire Leac Chonaill.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3