Ceannóga agus Coinlíní
Tairngreachtaí Cholm Cille Bhí sé sa tairngreacht nach n-aithneofá an difear idir fear agus bean agus…an beathach a bheadh agat nach mbeadh feidhm duit é a fheed áil agus go mba fusa duit mála salainn a bheith agat ná mála airgid…nárbh fhiú gach ar bith an t-airgead. Mary Doohan, Baile Thiar, Oileán Thoraí. Naomh Maoilíosa Naomh Maoilíosa…bhí sé comhaimseartha le Colm Cille ach bhí sé níos sine ná Colm Cille agus bhí sé ar Inis Muirí agus bhí sé ar Daimhinis ar Loch Éirne. Bhí ceann de na mainistreacha is mó in Éirinn ar Daimhinis, tá cuid den fhoirgneamh ansin go fóill ach tógadh cuid mhaith ar shiúl le tithe a thógáil in Inis Ceithleann…Bhí sé cairdiúil le Colm Cille…Tá trí thagairt i leabhar Mhánuis Uí Dhomhnaill, ach ní raibh Mánus Ó Domhnaill róchineálta leis, shíl sé gur eisean a dhíbir é ach sílim gur toil Dé an dóigh a dteachaigh Colm Cille go hOileán Í. Joe Golly Ua Gallchobhair, Teileann. Oileán Dúiche …Oileán Dúiche…manaigh a bhí ansin – an chéad dream. Aniar as…Inis Caoil. Sin an áit a raibh siad. Tháinig cuid acu, cha dtáinig uilig, tháinig ceathrar nó cúigear acu aniar go hOileán Dúiche agus bhí iontas orainne ariamh cá tuige a dtáinig siad go hOileán Dúiche in áit a theacht go dtí an t-oileán s'againne…bhí áit mhaith shábháilte ar an oileán s'againne… B'fhéidir gur sin an tuige a ndeachaigh siad isteach – chan fheicfeá Oileán Dúiche amach ón tír…Ach, caithfidh sé gur chaith siad bliantaí fada ann nó bhí teach pobail beag tógtha ann. Ach, cha raibh sé mórán le ceithre troithe déag in achan dóigh…Char mhothaigh mé ariamh cá huair a d'fhág siad, ach bhí siad ag cur an talaimh ann… Jimeile Ó Fearraigh, Inis Bó Finne. Seanchros i gceantar Ghartáin.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3